Skip to Content

ESB Networks warn of risks associated with erecting posters on electricity poles ahead of Local and European Elections

  • The erection of posters on electricity infrastructure is strictly prohibited for safety reasons  
  • ESB Networks has previously been required to interrupt the electricity supply to households and businesses in order to safely remove posters 

Wednesday, 1 May 2024

ESB Networks wish to remind all Groups and Parties involved in the upcoming Local and European elections that the erection of posters on electricity poles is strictly prohibited and poses a serious safety risk to members of the public as well as ESB Networks staff and contractors. 

Hazardous situations have been created in the past by people erecting posters on live electricity poles. ESB Networks’ wires and equipment are always live. Attaching anything to electricity poles exposes you to the risk of electric shock, burns and falling from a height.  Posters attached to poles have caused poles to catch fire and fall. It is never safe to interfere with electricity equipment. 

Speaking ahead of the upcoming elections Michael Murray, ESB Networks Public Safety Manager, said: “ESB Networks regularly advise members of the public to always stay clear of electricity poles and wires through our various campaigns. It is important that these messages are taken on board in the interest of safety. ESB Networks has previously been required to interrupt the electricity supply to households and businesses in order to safely remove posters.”  

You should always stay safe and stay clear of electricity wires and cables as these are always live and potentially dangerous. If you see a potentially dangerous situation or in the event of an emergency involving the electricity network, please contact ESB Networks on our 24/7 emergency phone number: 1800 372 999. 

ENDS/ 

Rabhadh tugtha ag ESB Networks faoi na rioscaí a bhaineann le póstaeir a chur suas ar chuaillí leictreachais roimh na Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha

  • Tá dianchosc ar phóstaeir a chur suas ar bhonneagar leictreachais ar chúiseanna sábháilteachta 
  • I dtoghcháin roimhe seo, bhí ar ESB Networks cur isteach ar an soláthar leictreachais do theaghlaigh agus do ghnóthais le póstaeir a bhaint anuas go sábháilte

Dé Céadaoin, 1 Bealtaine 2024

Is mian le ESB Networks a chur i gcuimhne do na grúpaí agus do na páirtithe go léir a bheidh páirteach sna Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha atá ar na bacáin go bhfuil dianchosc ar phóstaeir a chur suas ar chuaillí leictreachais toisc gur bagairt thromchúiseach é do shábháilteacht an phobail, gan trácht ar shábháilteacht na mball foirne agus na gconraitheoirí ag ESB Networks.

Bhí cásanna guaiseacha ann roimhe seo nuair a chuir daoine póstaeir suas ar chuaillí leictreachais bheo. Bíonn sreanga agus trealamh ESB Networks beo i gcónaí.  Má chuireann tú rud ar bith suas ar chuaillí leictreachais, beidh tú i mbaol turraing leictreach, dónna agus titim ó airde. Chuaigh cuaillí trí thine agus thit siad roimhe seo de dheasca póstaeir a bheith curtha suas orthu. Ní bhíonn sé sábháilte riamh a bheith ag baint do threalamh leictreachais.

Ag labhairt dó roimh na toghcháin atá ar na bacáin, bhí an méid seo le rá ag Michael Murray, Bainisteoir Sábháilteachta Poiblí ESB Networks: “Molann ESB Networks don phobal go rialta fanacht glan ar chuaillí agus sreanga leictreachais trínár bhfeachtais éagsúla. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaí aird ar na teachtaireachtaí sin ar mhaithe le sábháilteacht. I dtoghcháin roimhe seo, bhí ar ESB Networks cur isteach ar an soláthar leictreachais do theaghlaigh agus do ghnóthais le póstaeir a bhaint anuas go sábháilte.” 

Ba cheart duit tú féin a choinneáil slán sábháilte i gcónaí agus fanacht glan ar shreanga agus cáblaí leictreachais – bíonn siad beo i gcónaí agus d’fhéadfaidís a bheith contúirteach. Má fheiceann tú cás a d’fhéadfadh a bheith contúirteach nó cás éigeandála a bhaineann leis an líonra leictreachais, iarrtar ort fios a chur ar ESB Networks láithreach bonn ar ár n-uimhir theileafóin éigeandála 24/7: 1800 372 999.

CRÍOCH/