Skip to navigation Skip to content
Electricity Supply Board - Ireland's premier electricity utility
  • Home
  • Contact us
  • ESB Group
  • High contrast layoutA
  • Normal font size
  • View site in EnglishEnglish
  • View site in IrishGaeilge
  • Search Panel
     
  • About ESB
  • Press
  • Careers
  • Safety
  • Sustainability
  • Community
  • Education

Press

 

  • Press releases
    • 2010
    • 2009
    • 2008
    • 2007
    • 2006
    • 2005
    • What's an RSS feed?
  • Press contacts
  • Press kits
  • EM
Email
Print

PREASRÁITEAS

Fógraíonn ESB Novusmodus infheistiú de €2.5m
i SELC chun méadú idirnáisiúnta a mhaoiniú

D'aontaigh ESB Novusmodus, an ciste glan-teic agus fuinnimh inathnuaite, €2.5 miliún a infheistiú in SELC, an forbróir agus déantúsóir smachtóirí soilsiúcháin agus fótachealla atá bunaithe i Maigh Eo, Éire. Tá SELC lonnaithe go maith chun buntáiste a bhaint as an bogadh i dtreo soilsiú sráide éifeachtach sa mhargadh ollmhór domhanda, le tacaíocht ó reachtaíocht timpeallachta reatha san Eoraip agus i SAM. Úsáidfear an caipiteal chun an gnó idirnáisiúnta a fhorbairt agus cumas táirgíochta an chuideachta a mhéadú.

Úsáidtear balaist leictreonacha dhigiteacha de chuid SELC atá faoi phaitean i riaradh soilsiúcháin lasmuigh agus go háirithe soilsiú sráide. Cuireann siad ar chumas cathracha, comhairlí agus údaráis chathardha astuithe charbóin agus costais fuinnimh a ísliú trí smacht níos éifeachtaí a bheith acu ar lampaí le monatóireacht chianda agus ísliú soilse a chur ar fáil.

Ciallaíonn éifeachtúlacht fuinnimh an táirge go n-íocann sé as féin laistigh de thréimhse 2 agus 4 bhliain bunaithe ar shábháil fuinnimh amháin, agus gan aon ghá le fóirdheontais.

Na buntáistí a bhaineann le balaist dhigiteacha SELC i gcomparáid le seanbhalaist maighnéadacha:

  • Laghdú i gcaitheamh fuinnimh de idir 30% agus 70%
  • Laghdú ar astuithe CO2 i gcéatadáin dá réir.
  • Laghdú suntasach i gcostais chothabhála
  • Saolré lampaí níos faide
  • Cumas monatóirú, rialáil agus ísliú soilse go cianda
Tá Margadh ollmhór ann do tháirgí SELC le breis agus 93 milliún solas sráide san AE agus 63 milliún i SAM. Faoi láthair úsáideann 99% de na soilse seo seanbhalaist mhaighnéadacha, an sean-teicneolaíocht analógach. Cuirfidh reachtaíocht atá ag teacht i bhfeidhm faoi láthair deireadh go héifeachtach le húsáid na mbalast maighnéacha seo i soilse sráide nua.

De bhreis ar shoilsiúchán sráide, tá táirgí SELC oiriúnach d'fhoirgnimh mhóra stórála, ionaid pháirceála agus suíomhanna tionsclaíocha, agus is ionann na réimsí seo féin agus 145 suiteáil in aghaidh na bliana. Meastar gur fiú $5bn an margadh domhanda.

Ag labhairt dó ag an bhfógairt, dúirt an Aire Fuinnimh, Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha, Eamon Ryan; “Tiocfaimid as seo má dhéanaimid infheistiú ionainn féin. Tá fáilte ag an cuideachta ó Mhaigh Eo roimh an infheistiú de €2.5m milliún, rud a léiríonn fíormhuinín ina dtáirgí agus ina gcumas Teastaíonn táirgí glasa ón domhan agus tá SELC in ann iad a sholáthar. Cruthaíonn sé arís an slí gur féidir linn cabhrú leis an eacnamaíocht agus leis an dtimpeallacht ag an am chéanna. Guím gach rath orthu go léir."

Dúirt Pádraig McManus, Príomhfheidhmeannach ESB; "Tá áthas orainn bheith ag infheistiú in SELC, cuideachta fiontraíoch a sholáthraíonn táirgí ar chaighdeán an-ard le réitigh atá éifeachtach ó thaobh costais de don mhargadh domhanda. Creidimid go mbeidh sé i measc easpórtálaithe mhóra na tíre de ghlan-teicneolaíocht”.

Dúirt Uachtarán agus Bunaitheoir SELC, Seán Noone : “Tá an-áthas orainn gur bheartaigh ESB Novusmodus ar infheistiú a dhéanamh ionainn, rud a chruthaíonn arís ard-cháilíocht ár dtáirgí agus an seasamh láidir atá againn sa mhargadh. Beidh an-luach go deo le tacaíocht airgeadais agus comhairle straitéiseach an chiste agus sinn ag tabhairt ár dtáirgí go margaí ar fud an domhain.”

- CRÍOCH -

Novusmodus ( www.novusmodus.com)
Novusmodus LLP is ea an comhairleoir infheistíochta atá ag ESB Novusmodus LP, ciste €200m glan-teic agus fuinnimh inathnuaite a bunaíodh i 2009 san ESB, soláthróir aitheanta náisiúnta le stair oibriúcháin de 80 bliain. Tá sé i gceist ag ESB a rian carbóin a ghearradh i leath laistigh de 10 mbliain agus a bheith carbón-neodrach faoi 2035. Tá sé mar aidhm ag an gciste caipiteal, tacaíocht agus eolas a chur ar fáil do chuideachtaí, tionscnaimh foirne bainistíochta in earnála glan-fuinneamh agus éifeachtúlacht-fuinnimh. Tacaíonn foinse domhain eolais agus taithí teicneolaíochta an ESB, na scileanna innealtóireachta agus taithí tráchtála leis an gciste chomh maith.

Áirítear i measc na n-infheistíochtaí Nualight – soláthróir Éireannach de chórais soilsiúcháin atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh do mhiondíoltóirí, Airvolution – forbróir feirmeacha gaoithe ar thalamh sa Ríocht Aontaithe maraon le InTune Networks, an forbróir Éireannach de theicneolaíocht mear-thiúnálach léasair.

SELC ( www.selc.ie)
Táirgíonn SELC rialaitheoirí leictreonacha do shoilsiú sráide lena n-áirítear ballaist, fótachealla, córais chumarsáide agus cloganna ama, agus tá sé i mbun gnó le 22 bliain lena cheanncheathrú i Maigh Eo, Éirinn. Feabhsaíonn a chuid earraí lasadh, múchadh agus ísliú soilse sráide agus is féidir leo déine an tsolais a rialáil bunaithe ar na coinníollacha ina bhfuil sé ag aon am ar leith. Soláthraíonn na hearraí cumhacht don lampa ag úsáid tonnfhoirm ar leith a chuireann le saolré an lampa, réamhinsíonn cathain a theipfidh an lampa agus seolann an t-eolas seo go córas lárnach bainistíochta agus da bhrí sin cabhraíonn le cláracha cothabhála soilsiúcháin.

Tá feabhsuithe in 'éifeachtúlacht-fuinnimh' cruthaithe go soiléir ag SELC Smart Electronic Lighting Controllers agus ag Energy Efficient Streetlight Solutions trí feabhsuithe de suas le 70% a bhaint amach (E Street Project – Oslo, An Iorua).

Tá tacaíocht faighte ag an gcuideachta ón am a bunaíodh é, ó Údarás na Gaeltachta agus ó Chiste Infheistíochta an Iarthair de chuid Choimisiúin Forbartha an Iarthair (WDC) agus chomhoibrigh Raglan Capital le ciste ESB Novusmodus, an ciste glan-teic agus fuinnimh inathnuaite, le linn an phróisis infheistíochta ar fad.

Raglan Capital, faoi cheannas Mark O'Donovan, ab ea an comhairleoir airgeadais chorparáideach a bhí ag SELC.

Subscribe

RSS feed | What's an RSS feed?

Press contacts

  • Corporate Communications & Public Affairs Manager

    Bernardine Maloney
  • Press Officers

    Sinead Bruton
    Kieran O'Neill

Tel: +353 1 702 6009

For Out-of-hours media queries, please call +353 87 255 7186

Email: CorporateCommunications@esb.ie

Other sites

  • Electric Ireland
  • ESB Networks Ltd
  • ESB International
  • ESB Telecoms

Electric Ireland

  • Electric Ireland Store
  • Home Services
  • Cúl Green
  • New Price Plans
  • Appliance calculator

Contact ESB

  • Contact us
  • Electric Ireland
  • ESB Networks Ltd
  • Report an emergency
  • Press Office

About this site

  • Accessibility
  • Privacy
  • Copyright
  • Disclaimer
  • Sitemap