Skip to Content
1925

Tús curtha le Scéim na Sionainne

Chun dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh tionscail de, aithníonn Éire gur gá di a cuid acmhainní nádúrtha a fhorbairt agus a úsáid. Molann an t-innealtóir Éireannach, an Dr. Thomas A. McLaughlin, damba a chur ar an tSionainn agus stáisiún cumhachta leictreachais a thógáil ag Ard na Croise i gCo. an Chláir le cumhacht a thabhairt chomh fada le bailte agus cathracha ar fud na hÉireann. Faomhann Rialtas na hÉireann Scéim Ard na Croise agus tosaíonn an obair ar an láithreán i mí Mheán Fómhair 1925.

 

1927

Acht Bhord Soláthair an Leictreachais

Achtaítear Acht Bhord Soláthair an Leictreachais in 1927 agus cuirtear Bord Soláthair an Leictreachais ar bun le feidhmiú mar an t-aonán corparáideach atá freagrach as líonra leictreachais na hÉireann a rialú agus a fhorbairt. Ag an am seo, tá baint ag níos mó ná 300 soláthraí ar leith le giniúint agus soláthar an leictreachais in áiteanna éagsúla den tír, 16 údarás áitiúla agus cúig mhórchuideachta phríobháideacha ina measc. Tá idir scileanna innealtóireachta agus scileanna riaracháin ag teastáil le freagrachtaí a aistriú de réir a chéile chuig ESB, agus glactar leis, ag breathnú siar dúinn anois, gur éirigh chomh maith sin le ESB ina dhiaidh sin toisc gur tugadh tús áite d’fhorbairt na scileanna sin.

1946

Leictriú na Tuaithe

Cuirtear tús in 1946 leis an gClár um Leictriú na Tuaithe. Is éard atá i gceist leis an tionscadal seo a bhfuil an-fhís ag baint leis ná bonneagar leictreach a chur ar bun le cumhacht a thabhairt do mhuintir na hÉireann – nó i bhfocail eile: fuinneamh, solas agus teas a sholáthar leis an saol a fheabhsú do chách. Is leis na gréasáin seo agus leis an gcumhacht a sholáthraítear tríothu a chumasaítear forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus thionsclaíoch na hÉireann, rud a chuireann dlús le forbairt an réigiúin fhorimeallaigh thearcfhorbartha seo ina thír ardfhorbartha. Tá ESB Networks fós ag forbairt agus ag athchóiriú bhonneagar leictreachais na hÉireann ar na caighdeáin is airde dá bhfuil ann.

1953

Forbairt Móna

Idir 1950 agus deireadh na 1960idí, cuireann ESB níos mó ná 400 MW d’acmhainn ghiniúna mhóin-bhunaithe ar fáil. Tráth dá raibh, bhí móin taobh thiar de thart ar aon trian d’acmhainn iomlán ESB agus ba mhór an áis í lenár bhfoinsí breosla a éagsúlú. Bhí tionchar mór ag forbairt na móna ar fhorbairt na tuaithe ag an am sin chomh maith, go háirithe i Lár na Tíre.


1968

Cuirtear Tús le Tógáil Chnoc an Turlaigh

De réir mar a théann daonra na hÉireann agus an t-éileamh ar leictreachas i méid, aithníonn ESB gur gá freastal ar an olléileamh seo ar chumhacht. Leis an méid sin a dhéanamh ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, déanann ESB stáisiún hidrileictreach taiscthe caidéalaithe a dhearadh agus a thógáil i gCnoc an Turlaigh i gCo. Chill Mhantáin. Tionscadal innealtóireachta sibhialta thar a bheith nuálach é nach raibh a leithéid in aon áit eile sa tír ag an am.


1975

Bunaítear ESB International


Cuirtear ESB International (ESBI) ar bun sa bhliain 1975 mar phríomh-shainchomhairleoireacht innealtóireachta idirnáisiúnta a dhéanann sainchúram d’earnáil na bhfóntas. Díríonn ESB International ar thionscadail bonneagair caipitil ar an mórchóir do chliaint idirnáisiúnta agus dá mháthairchuideachta, ESB. Tá tionscadail curtha i gcrích ag ESB International i mbreis agus 120 tír ó bunaíodh é. Cabhraíonn ár bhfoireann den scoth le cliaint ar fud an domhain córais fuinnimh atá idir nua-aimseartha, éifeachtach agus iontaofa a chur i bhfeidhm, córais ar féidir leo na geilleagair agus na sochaithe a bhfreastalaíonn siad orthu a athrú ó bhonn.

1987

Giniúint ag Gob na Muine

I ndiaidh na géarchéime ola go luath sna 1970idí, is léir go gcaithfidh Éire a spleáchas ar ola mar fhoinse giniúna leictreachais a laghdú. Déantar ceann de na stáisiúin is mó in Éirinn, Gob na Muine, a choimisiúnú le bonn láidir a chur faoin soláthar arís. Is é gual an breosla a úsáidtear go príomha le leictreachas a ghiniúint sa stáisiún, atá i gCo. an Chláir. In 2008, rinneadh mór-uasghrádú ar an trealamh comhshaoil d’fhonn a chinntiú go mbeadh an gléasra i gcomhréir leis na ceanglais chomhshaoil ba dhéine dá raibh ann maidir le díshulfarú gáis múcháin (SO2) agus laghdú catalaíoch roghnaitheach (NOx).

1992

Téann ESB isteach i Margadh na Ríochta Aontaithe

Téann ESB isteach i margadh an RA in 1992 agus forbraíonn ceann de na chéad stáisiúin chumhachta neamhspleácha in Corby, Northamptonshire. Tá ESB ag fás ar fud an RA ó shin i leith. Táthar ag súil go bhforbrófar margadh leictreachais uile-oileáin faoin mbliain 2020 mar thoradh ar idirnascadh breise leictreachais idir Éire agus an Bhreatain. Le tuilleadh infheistíochta i dtionscadail chumhachta sa RA, beidh an deis ag ESB International dul i méid i margadh in aice láimhe a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis.


1998

Osclaíonn ESB a Chéad Fheirm Ghaoithe

Osclaíonn ESB a chéad fheirm ghaoithe ar Chnoc an Cheannaí, Co. Dhún na nGall in 1998. Is é 5 MW comhacmhainn na feirme gaoithe – sin a dhóthain fuinnimh ghlais le freastal ar riachtanais leictreachais thart ar 3,000 teach. Tá punann sócmhainní in-athnuaite forbartha ag ESB ó shin, agus roinnt éadálacha agus comhpháirtíochtaí déanta aige le himeacht na mblianta le cur leo tuilleadh. Tá acmhainn ghaoithe níos mó ná 400 MW ag ESB anois agus tá sé ag déanamh cíoradh go gníomhach ar dheiseanna eile le hinfheistiú a dhéanamh i dteicneolaíochtaí gaoithe agus i dteicneolaíochtaí in-athnuaite malartacha araon.

2010

Cuireann ESB Ceannach NIE Networks i gCrích

Cuireann ESB Ceannach NIE Networks i gCrích Is le NIE Networks an líonra rialaithe um tharchur agus dáileadh leictreachais i dTuaisceart Éireann. Tá sé freagrach as pleanáil, forbairt, tógáil agus cothabháil an líonra iomláin sa réigiún, chomh maith le feidhmiú an líonra dáileacháin. Tá an líonra tarchurtha agus dáileacháin seo comhdhéanta de thart ar 2,100 km den chóras tarchurtha ardvoltais agus thart ar 42,900 km den chóras dáileacháin ísealvoltais.

2010

Seolann ESB ecars

Cuireann ESB ecars ar bun in 2010 leis an mbonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a rolladh amach agus le héileamh ar fheithiclí leictreacha a mhéadú go náisiúnta. Is é fírinne an scéil nach n-athróidh daoine go feithiclí leictreacha mura mbeidh fáil éasca ar phointí luchtaithe ar fud na tíre agus i dtithe cónaithe. Is é ESB, mar úinéir/oibreoir aonair an chórais dáileacháin leictreachais in Éirinn, atá freagrach as an gcóras seo a chur i bhfeidhm. Tá 1,200 pointe luchtaithe poiblí ar fud oileán na hÉireann faoi láthair.

2011

Bunaítear Electric Ireland, an eite mhiondíola de ESB.

Is é Electric Ireland an eite mhiondíola de ESB agus oibríonn sé i ngach deighleog den mhargadh i bPoblacht na hÉireann. Soláthraíonn Electric Ireland fuinneamh agus seirbhísí eile do chustaiméirí gnó agus baile i dTuaisceart Éireann chomh maith. Tá Electric Ireland aitheanta anois ag tomhaltóirí agus gnólachtaí Éireannacha mar mhórbhranda miondíola.

2015

Líonra Leathanbhanda SIRO

Soláthraíonn SIRO, cuideachta chomhfhiontair idir ESB agus Vodafone, líonra leathanbhanda atá 100% ‘cábla snáthoptaice go foirgneamh’, a fhágann gur féidir le húsáideoirí leas a bhaint as nasc Idirlín suas le 1000 Mbps. Déanfaidh an fiontar ceannródaíoch seo a chion féin le hÉirinn a chur i measc na dtíortha ina bhfuil fáil ar an leathanbhanda is gasta agus is iomaí deis a bheidh le tapú ag tomhaltóirí agus gnólachtaí in Éirinn dá bharr sin. Cé gurb é SIRO atá ag tógáil agus ag bainistiú an líonra snáthoptaice, beidh gach uile sholáthraí údaraithe leathanbhanda in Éirinn in ann leas a bhaint as. Ciallaíonn sé sin go mbeidh tomhaltóirí agus gnólachtaí in ann nascadh le SIRO trína rogha soláthraí seirbhíse.

2016

Manchain, an Ríocht Aontaithe

Is stáisiún cumhachta 884MW é Carrington, atá suite gar do Mhanchain. Úsáidtear gástuirbín comh-thimthrialla (CCGT) ann chun leictreachas a ghiniúint do bhreis is milliún teach agus gnóthas. Toisc gurb ionann a éifeachtúlacht agus 58%, tá Carrington ar cheann de na gléasraí is solúbtha agus is éifeachtaí sa Ríocht Aontaithe, rud a fhágann gur féidir leis cur le cinnteacht an tsoláthair agus dlús a chur faoin athrú chuig teicneolaíochtaí ísealcharbóin.

 

2017

Bord Soláthair an Leictreachais ar an bhFód 90 Bliain

Lena chomóradh go rabhamar ar an bhfód 90 bliain, rinne ESB turais scoile agus phoiblí a óstáil in Ard na Croise le deis a thabhairt do dhaoine breathnú thart ar cheann de na forbairtí innealtóireachta is mó riamh in Éirinn. Chosnaigh sé ní ba mhó ná IR£5m le hé a thógáil – beagnach cúigiú den cháinaisnéis iomlán ag an am. Nuair a luaitear Ard na Croise na laethanta seo, smaoiníonn daoine ar an bhfadcheann a bhí acu le leas a bhaint as acmhainní nádúrtha na hÉireann ar an gcaoi sin. Anois agus muid ag tnúth le comóradh céad bliain ár mbunaithe agus leis an saol maith ó thaobh fuinnimh de atá i ndán dúinn, is féidir linn breathnú siar go bródúil ar éachtaí an ama atá thart.

2018

Téann ESB isteach i margadh miondíola na Breataine Móire

Téann ESB isteach sa mhargadh miondíola fuinnimh sa Bhreatain Mhór. Ag trádáil dó mar ESB Energy, céim mhór chun tosaigh do ESB ab ea an cinneadh seo le dul isteach i margadh fuinnimh na Breataine Móire, margadh atá thar a bheith iomaíoch agus casta. De bharr na taithí atá ag ESB Energy agus an ghealltanais atá tugtha aige a bheith ar an gcuideachta fuinnimh is fusa le déileáil leis, tá ag éirí leis neart custaiméirí a mhealladh chun a tharaifí tarraingteacha leictreachais agus gáis.