Skip to Content

Neamhspleáchas na nIniúchóirí 

Déanann an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca neamhspleáchas na n-iniúchóirí a mheas ar bhonn leanúnach. Breithníonn an Coiste ceapadh na n-iniúchóirí seachtracha gach cúig bliana agus is trí phróiseas tairisceana poiblí a dhéantar é sin. Cuireadh an próiseas tairisceana deireanach i gcrích in 2016. 

Tá roinnt bearta rialaithe i bhfeidhm le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na n-iniúchóirí a chosaint, lena n-áirítear: 

  • Teorainn a chur le nádúr agus luach na seirbhísí neamhiniúchta a chuireann na hiniúchóirí seachtracha ar fáil, de réir mar atá leagtha síos sa bheartas maidir le seirbhísí neamhiniúchta 

  • Monatóireacht a dhéanamh ar na hathruithe a dhéantar ar an reachtaíocht a bhaineann le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iniúchóirí 

  • A dheimhniú go bhfuil cosaintí inmheánacha cuí i bhfeidhm ag na hiniúchóirí seachtracha agus iad ag teacht leis na caighdeáin is infheidhme 

  • An comhpháirtí iniúchóireachta a athrú gach cúig bliana 

  • Deiseanna a chur ar fáil le bualadh leis an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca go príobháideach 

  • Athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar éifeachtacht na n-iniúchóirí seachtracha 

  • Deimhniú bliantúil neamhspleáchais ó na hiniúchóirí seachtracha