Tá rún daingean anseo in ESB saol níos fearr a bhaint amach do na custaiméirí agus do na pobail a bhfreastalaímid orthu. Tá ESB ar an gcomhlacht fuinnimh is mó le rá in Éirinn ó bunaíodh an comhlacht siar in 1927. Tá rún daingean againn i gcónaí difríocht a dhéanamh, agus is mian linn an taithí agus an seasamh ar leith atá againn a úsáid chun dul i ngleic leis na dúshláin is mó sa tsochaí, an t‑athrú aeráide ina measc.
Leigh nios moÁr Scéal
Le breis is 90 bliain anuas, táimid in ESB ag cur ár gcuid saineolais agus acmhainní chun tairbhe le solas agus fuinneamh a thabhairt chuig pobail anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne, ag déanamh ár gcion féin le saol daoine a athrú ó bhonn agus le dul chun cinn agus athrú sóisialta agus eacnamaíoch a chumasú
Rinneamar ár ndícheall i gcónaí saol níos fearr a bhaint amach do na custaiméirí agus do na pobail a bhfreastalaímid orthu. Sa lá atá inniu ann, ciallaíonn sé sin go bhfuil díocas orainn difríocht a dhéanamh agus neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2040.
Leigh nios moTrína bheith dírithe ar an bhfreagracht shóisialta agus chomhshaoil, táimid ag cothú éiteas sábháilte, fónta agus inbhuanaithe atá i gcomhréir lenár dtreoirphrionsabail, agus ag gníomhú ar leas ár bpáirtithe leasmhara go léir.
Leigh nios mo