Skip to Content

Ár dTiomantas don tSábháilteacht agus don Inbhuanaitheacht

Ag ESB, táimid ag seasamh ar son na hÉireann, ach Éire a bheidh á cumhachtú ag an leictreachas glan, inbhuanaithe. Tá rún daingean againn a bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú seo chuig an bhfuinneamh ísealcharbóin, inacmhainne ar féidir brath air,rud a thabharfaidh cosaint dár gcuid custaiméirí agus don gheilleagar araon san am atá le teacht.

mother-and-child-on-irish-coastline


Leis an méid sin a bhaint amach, táimid ag infheistiú agus ag nuáil ar fud ár ngnólachtaí. Tá foinsí giniúna in-athnuaite nua á bhforbairt againn, chomh maith le réitigh chúltaca sholúbtha. Táimid ag treisiú agus ag feabhsú ár líonra freisin chun freastal ar acmhainní fuinnimh dáilte nach bhfacthas a líon riamh cheana. Táimid ag forbairt réitigh a thugann tús áite don chustaiméir chomh maith. Cuirfidh siad seo ar chumas gach duine sa tsochaí saol níos glaine, níos inbhuanaithe a bheith aige, agus é á chumhachtú ag an leictreachas.

Tá dul chun cinn mór á dhéanamh againn maidir leis an bhfreagracht shóisialta agus chomhshaoil, rud a chabhróidh linn éiteas sábháilte, fónta agus inbhuanaithe a chothú atá i gcomhréir lenár dtreoirphrionsabail.

 
 
Ceannaireacht Sábháilteachta ag ESB

Do gach duine in ESB, ní hamháin gur tosaíocht í an tsábháilteacht, ach is treoirphrionsabal í chomh maith. Is é ár gCreat Ceannaireachta Sábháilteachta an treoirphlean a gcloímid ar fad leis. Bealach soiléir, simplí é an creat seo le freagrachtaí, oibleagáidí agus ionchais sábháilteachta a chur in iúl do gach duine in ESB.
Cloímid go léir leis an gcreat seo le timpeallacht shábháilte a chothú.
Is féidir gach ábhar a bhaineann le beartais sábháilteachta agus le tuairisciú sábháilteachta a fháil inár dtuarascáil bhliantúil.

Ceannaireacht Inbhuanaitheachta ag ESB

Tá ESB tiomanta do na caighdeáin is airde sa bhainistíocht chomhshaoil.
Agus tugaimid aghaidh go réamhghníomhach ar dhúshláin an athraithe aeráide.
Bímid trédhearcach agus oscailte inár dtuairiscí inbhuanaitheachta agus comhshaoil. Cuirimid ár dtuarascálacha agus ár dtuairiscí is déanaí ar fáil.



ESB Sustainability Report 2020
PDF | 12MB


Tuilleadh léitheoireachta