Tá Straitéis Ghrúpa ESB múnlaithe chun freagairt do na fórsaí fadtéarmacha a bhfuil tionchar acu ar na margaí. Ar leibhéal an-bhunúsach, tá éiginnteacht mhór ag baint leis an timpeallacht reatha gnó trína bhfeidhmíonn fóntais Eorpacha chumhachta, agus tuairimí éagsúla ag daoine maidir le praghsanna breosla a bheidh ann amach anseo agus éabhlóid na teicneolaíochta.
Ónár dtaobhna de, tá trí thoisc ann a n-athraítear an comhthéacs faoina bhfeidhmíonn BSL dá mbarr agus a dtugtar aghaidh orthu sa straitéis:
- Polasaí náisiúnta agus Eorpach maidir le fuinneamh agus aeráid
- Comhtháthú margaidh trí mhargaí réigiúnacha fuinnimh (REM) a bhunú.
- Timpeallacht dhúshlánach eacnamaíochta san Eoraip agus in Éirinn
Cúig thosaíocht Straitéis Ghrúpa ESB as seo go 2025
Chun a fhís agus a mhisean a chur i gcrích, creideann ESB go gcaithfidh sé a bheith ina fhóntas láidir, éagsúlaithe atá comhtháite go hingearach (VIU). Tá cúig phríomhthosaíocht inár Straitéis Ghrúpa agus is é is aidhm leis an uile cheann acu ná tacú leis an méid sin.
Feictear do ESB go mbíonn cothromaíocht agus inoiriúnaitheacht ann de bharr comhtháthú ingearach i gcomhthéacs timpeallachtaí a bhfuil éiginnteacht ag roinnt leo. Cruthaíonn ESB luach trí phortfóilió infheistíochtaí sa slabhra luacha fuinnimh a bhainistiú agus a fhorbairt.
Chomh maith leis sin, féachann sé le lántairbhe a bhaint as a chuid acmhainní agus saineolais maidir le margaí gaolmhara. Trí bhainistíocht airgeadais smachtaithe a dhéanamh ar aonaid ghnó, coinníonn ESB an tsolúbthacht a theastaíonn chun freagairt d'athruithe seachtracha ar an timpeallacht.
Barrainneacht sa Ghnó Giniúna/Soláthair
Mar fhreagra ar chomhtháthú mhargaí leictreachais Phoblacht na hÉireann (ROI), Tuaisceart Éireann (NI) agus an Bhreatain Mhór (GB), tá scála agus cumas a chuid gnónna giniúna, trádála agus soláthair á fhás ag ESB ionas gur féidir linn a bheith san iomaíocht sa timpeallacht iomaíoch uile-oileánda nua seo.
Is gá dícharbónú a dhéanamh ar an tsochaí san fhadtéarma, rud a aithníonn ESB. Dá bhrí sin, tá airgead á infheistiú aige chun déine carbóin a mhonarachan a laghdú agus ról an fhuinnimh in-athnuaite sa mheascán breosla a mhéadú, de réir mar a mholtar sa pholasaí margaidh agus poiblí trí chéile.
Líonraí Ardfhorbartha
Tá ESB ag obair chun líonraí ardchaighdeáin agus incheannaithe a chur ar fáil dá chustaiméirí i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann. Áirítear anseo infheistíocht chun tacú le forbairt shóisialta agus eacnamaíochta, slándáil soláthair agus comhlíonadh spriocanna maidir le hathrú na haeráide.
Inniúlacht Inbhuanaithe
Toisc go n-aithníonn ESB go bhfuil an dícharbónú, an iomaíocht agus éabhlóid na teicneolaíochta ag athrú ó bhonn an comhthéacs trína bhfeidhmíonn sé, tá BSL ag dul i mbun nuálaíochta chun deiseanna nua a chruthú agus a fhás i réimsí atá gaolmhar lena chuid príomhghníomhaíochtaí gnó.
Eagraíocht Rannpháirteach, Bhríomhar
Is gá go mbeadh eagraíocht sholúbtha, ardspreagtha ann chun go gcuirfí an straitéis i gcrích. Cruthaíonn ESB ionad oibre bríomhar a spreagann a chuid fostaithe freagairt phras agus éifeachtach a thabhairt ar athrú.
Struchtúr na gCostas a Athrú
Fágann an iomaíocht ghéaraithe, timpeallacht eacnamaíochta éiginnte agus an gá atá le fás amach anseo a mhaoiniú go gcaithfidh ESB feidhmiú níos éifeachtúla fós. Cuireann ESB le héifeachtúlacht chostais a chuid gnó i dtreo is gur féidir leis maireachtáil agus bláthú sa chomhthéacs nua seo.