An Life

Taiscumar Pholl an Phúca

Ar Loch Bhaile Coimín i ndobharcheantar na Life atá an limistéar iascaigh seo.   Déantar é a bhainistiú mar iascach measctha (bric agus garbhiascach) agus tá sé tuairim is 600 méadar os cionn leibhéal na farraige agus cladach 56km ina thimpeall.   Tá garbhiascach agus iascach liús den scoth ar an loch.

I measc na dtaitneamhachtaí atá sa cheantar máguaird tá siúlóid cnoc, galf, rásaíocht, Ionad Áineasa Loch Bhaile Coimín agus réimse cóiríochta, bialann agus tithe ósta.

Séasúr an Iascaigh

• Garbhiascach: 1 Samhain – 30 Meán Fómhair
• Iascach Breac: 1 Márta – 30 Meán Fómhair

Rochtain

•  Lonnaithe i mBaile Coimín, Co. Chill Mhantáin timpeall 20 km ó Chathair Bhaile Átha Cliath ar an N81.
• Rochtain ar an taiscumar ó fhánán oifigiúil Russelstown.
 
• Stadann bus uimh. 65 ó Ché Éidin i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath i mBaile Coimín agus téann líon teoranta busanna go dtí An Baile Mór (féach Bus Átha Cliath chun tuilleadh sonraí a fháil).  
• I gcarr is éasca bruach an locha a bhaint amach.
 
• Tá áit páirceála agus picnice ar fáil.