Tá rún daingean ag ESB tacú leis an oideachas mar bhealach leis an gcumhacht a thabhairt do dhaoine óga barr a gcumais a bhaint amach agus le cumasú dóibh ag an am céanna na scileanna is gá a fhorbairt le measúnú criticiúil a dhéanamh ar an saol mórthimpeall orthu agus le fadhbanna an tsaoil a réiteach ar bhealach cruthaitheach, nuálach amach anseo.
Chuige sin, tugaimid maoiniú do thionscnaimh agus cláir oideachais tríd an gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta agus trí Chistí Pobail Feirme Gaoithe dár gcuid.
Tá ár gclár oideachais ar leith againn freisin – Generation Tomorrow – ina dtacaímid le comhpháirtithe atá ag obair i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta, na n-ealaíon agus na matamaitice (STEAM).