Skip to Content

Do chearta

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, tá cearta agat a bhaineann leis an bhfaisnéis phearsanta atá bailithe againn uait. Tá naoi gceart agat faoin Rialachán, atá leagtha amach againn thíos, chomh maith le cén chaoi ar féidir leat iarratas a chur isteach de bhun na gceart sin. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo thíos faoi na cearta sin agus faoi cén chaoi ar féidir leat iad a chleachtadh.  

Maidir le hiarratais faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 

  • tá de cheart agat freagra a fháil laistigh de 30 LÁ (60-90 lá i gcásanna áirithe) 

  • is féidir iad a chur isteach tríd an ríomhphost, tríd an bpost nó trínár bhfoirm ghréasáin a chomhlánú. 

  • ní mór duit féin, nó tríú páirtí a bhfuil do chead sainráite aige nó aici, iad a chur isteach go díreach. 

  • d’fhéadfadh sé go mbeadh ort ceisteanna leantacha a fhreagairt le d’aitheantas a fhíorú agus d’iarratas a bhailíochtú. 

Rochtain ar mo chuid sonraí – an Ceart Rochtana mar is fearr aithne air (Airteagal 15) 

Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar chóip den fhaisnéis phearsanta atá á coinneáil againn maidir leat, agus ar a thuilleadh sonraí faoin gcaoi a ndéanaimid do chuid faisnéise pearsanta a bhailiú, a roinnt agus a úsáid. 

Iarratais a chuirtear isteach de bhun Airteagal 15 de ghnáth: - 

• Tras-scríbhinn ar ghlao ar leith lenár bhfoireann seirbhíse do chustaiméirí. 
• Cóipeanna de gach comhfhreagras i scríbhinn eadrainn (ár soláthraithe seirbhíse ina measc). 
• Cóip den fhaisnéis phearsanta agus chuntais go léir atá á coinneáil againn. 

TABHAIR DO D’AIRE: Má tá faisnéis ghinearálta chuntais (i.e. athchló bille fóntais, léamha méadair nó litir dheimhnithe) á lorg agat mar chruthúnas cónaithe, nó más ionadaí thú atá ag gníomhú thar ceann aonán tráchtála nó eastát duine éagtha, déan teagmháil le foirne seirbhíse custaiméirí Electric Ireland go díreach. 

Nuashonraigh mo chuid sonraí – an Ceart go nDéanfaí Ceartúcháin mar is fearr aithne air (Airteagal 16, Airteagal 19) 

Má cheapann tú go bhfuil faisnéis atá á coinneáil againn maidir leat míchruinn nó neamhiomlán, tá sé de cheart agat a iarraidh go ndéanfaimis an fhaisnéis phearsanta a nuashonrú. 

Scrios mo chuid sonraí – an Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh, nó an Ceart go nDéanfaí Ligean i nDearmad, mar is fearr aithne air (Airteagal 17, Airteagal 19) 

Tá sé de cheart agat a iarraidh go ndéanfaí léirscriosadh ar chuid den fhaisnéis phearsanta, nó an fhaisnéis phearsanta uile, atá á coinneáil againn maidir leat. Tabhair do d’aire, áfach, go mb’fhéidir nach mbeimis in ann léirscriosadh a dhéanamh ar d’fhaisnéis uile mar gheall ar ár mbeartais coinneála sonraí, chomh maith le dualgais dhlíthiúla nó rialála eile atá orainn í a choinneáil. 

Aistrigh mo chuid sonraí – an Ceart chun Iniomparthacht Sonraí mar is fearr aithne air (Airteagal 20) 

Tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a thabhairt leat nuair a athraíonn tú do sholáthraí seirbhíse. 

Cuir srian le mo chuid sonraí – an Ceart go gCuirfí Srian le Próiseáil mar is fearr aithne air (Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 23) 

Tá sé de cheart agat a iarraidh go n-éireoimis as do chuid faisnéise pearsanta a bhailiú agus a úsáid go sealadach i gcásanna áirithe, mar shampla: - nuair a chreideann tú go bhfuil an fhaisnéis míchruinn. 

Déan agóid i gcoinne próiseáil mo chuid sonraí – an Ceart chun Agóid a Dhéanamh i gcoinne Próiseála mar is fearr aithne air (Airteagal 21) 

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne bhailiú agus úsáid d’fhaisnéise pearsanta againn i gcásanna áirithe, mar shampla: margaíocht dhíreach. 

Déan agóid i gcoinne cinnteoireacht uathoibrithe (próifíliú) – an Ceart chun Agóid a dhéanamh i gcoinne Cinnteoireacht Uathoibrithe (Próifíliú) mar is fearr aithne air (Airteagal 22) 

Tá sé de cheart agat ionchur a bheith agat i gcinntí uathoibrithe (a théann i bhfeidhm ort ar bhealach dlíthiúil nó suntasach) agus go ndéanfaimis athbhreithniú de láimh orthu. 

Is féidir leat ceist ghinearálta a chur faoi aon ghné den chaoi a ndéanann Grúpa CBL sonraí a chosaint. 

Cuir in iúl dúinn má cheapann tú go bhfuil do chuid sonraí sáraithe nó má cheapann tú go raibh tú páirteach i sárú sonraí pearsanta (i.e. fuair tú litir a raibh seoladh custaiméara eile uirthi). 

Tuilleadh léitheoireachta