Skip to Content

Polasaí Fianán

Baineann ár láithreáin gréasáin úsáid as ‘fianáin’ chun cabhrú linn eispéireas níos fearr a sholáthar d’úsáideoirí gach uair a thugann siad cuairt ar na láithreáin. Is éard is fianán ann píosa beag téacs a chuirtear go díreach ar ghaireas nuair a úsáidtear é chun cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin. Cuidíonn sé seo le taithí níos fearr a thabhairt don úsáideoir agus an láithreán gréasáin á úsáid aige nó aici. Fanann an fhaisnéis a bhailíonn an fianán ar ghaireas an úsáideora.

Úsáidimid faisnéis a bhailítear ó fhianáin chun cabhrú le heispéireas úsáideoirí ar ár láithreáin gréasáin a fheabhsú, ar mhaithe le slándáil, agus chun ábhar agus fógraíocht a phearsanú. Mar shampla, cuidíonn fianáin linn a aithint gur thug an gaireas cuairt ar ár láithreáin roimhe seo, rud a ligeann dúinn an t-eispéireas a shaincheapadh bunaithe ar an stair bhrabhsála roimhe seo. Cuidíonn sé linn freisin na táirgí gaolmhara is ábhartha a roghnú le taispeáint don úsáideoir sin agus iad ag brabhsáil.

Beartas maidir le Fianáin

Is sonra beag é fianán a iarrann suíomh gréasáin ar do bhrabhsálaí a stóráil ar do ríomhaire nó ar do ghaireas soghluaiste.

De bharr fianán, bíonn sé éasca faisnéis chruinn a bhailiú ar shuíomhanna gréasáin a bhaineann le gach úsáideoir faoi leith. Bíonn sé níos simplí duit nascleanúint a dhéanamh agus tairbhe a bhaint as seirbhís atá dírithe ort.

Tá cuid mhaith fianán riachtanach. Mar shampla, aithníonn fianáin fíordheimhniúcháin cé tú féin nuair a dhéanann tú iarracht logáil isteach i gcuntas. Déanann fianáin de chineálacha eile éascaíocht duit siopadóireacht a dhéanamh ar líne, ag stóráil earraí agus tú á gcur le do chiseán siopadóireachta fíorúil.

Tá fianáin shealadacha (fianán seisiúin) agus bhuana (fianán seasmhach) ann.

  • Stóráiltear fianáin seisiúin i gcuimhne shealadach do ghairis – ní stóráiltear ar do thiomántán crua iad – le linn duit bheith ag brabhsáil ar shuíomh gréasáin. Déantar na fianáin seo a scriosadh go hiondúil nuair a dhúnann tú an brabhsálaí. Sa chás gur athoscail tú an brabhsálaí chun teacht ar an suíomh gréasáin an athuair, ní 'chuimhneodh' an suíomh go raibh tú air cheana Ní fhannan fianáin seisiúin gníomhach ach go dtí go bhfágann tú suíomh.
  • Fanann fianáin sheasmhacha stóráilte ar do thiomántán crua, ag leanúint ó shuíomh go suíomh nó go ndéanann tú iad a scriosadh nó go dtagann siad go dáta éaga. Is féidir le fianáin sheasmhacha faisnéis a stóráil, ar nós sonraí logála isteach, leabharmhairc, sonraí cartaí creidmheasa agus socruithe agus téamaí roghnaithe - rud a chiallaíonn go mbeidh an t-eispéaras gréasáin níos réidhe agus níos tapa.

Is féidir fianáin a rialú agus/nó iad a scriosadh de réir mar is mian leat. Is féidir leat gach fianán atá ar do ríomhaire cheana féin a scriosadh agus formhór brabhsálaithe a shocrú chun iad a chosc. Má dhéanann tú sin, áfach, d'fhéadfadh go mbeadh ort do shainroghanna a choigeartú gach uair a dtugann tú cuairt ar shuíomh agus d'fhéadfadh sé freisin nach n-oibreodh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí.

Tá ceithre chatagóir éagsúla fianán ann a mbainimid úsáid astu ar ár suíomh gréasáin.

  • Tá Fianáin dhianriachtanacha riachtanach ionas go mbeidh tú in ann dul ó áit go háit ar ár suíomh gréasáin agus úsáid a bhaint as a bhfuil ann. Ní fhéadfaimis na seirbhísí atá uait a chur ar fáil gan na fianáin seo. 
  • Fianáin Feidhmiúlachta: Ligeann fianáin feidhmiúlachta don suíomh do chuid roghanna a choinneáil chun eispéireas níos fearr agus níos pearsanta a chur ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
  • Fianáin Feidhmíochta: a chuidíonn linn feabhas a chur ar ár suíomh agus seirbhísí ar líne Bailíonn na fianáin seo faisnéis maidir leis an mbealach a mbaintear úsáid as an suíomh, agus ar na leathanaigh is minice a dtugtar cuairt orthu. Cuidíonn an méid sin linn eispéireas níos fearr a thabhairt don úsáideoir. Is fianáin anaithnide iad seo – rud a chiallaíonn nach mbailíonn siad faisnéis chun tú a aithint. 
  • Fianáin Dhírithe agus Fógraíochta: baintear úsáid astu chun go mbeidh tuiscint níos fearr againn ar ár bhfeachtais fógraíochta agus ar iad a dhéanamh níos ábhartha duitse.  Is fianáin anaithnide iad seo freisin, rud a chiallaíonn nach mbaileoidh siad faisnéis chun tú a aithint.

    Is féidir le fianáin seisiúin nó fianáin seasmhacha a bheith feidhmiúil, feidhmíoch nó spriocdhírithe ó thaobh nádúir de ach ní bheidh siad ann ach ar feadh ré an tseisiúin reatha brabhsálaí. 

    Is féidir fianáin a sheoladh ónár suíomh gréasáin go dtí do bhrabhsálaí gréasáin má cheadaíonn na sainroghanna atá ar do bhrabhsálaí sin. Déanann cuid mhór suíomhanna gréasáin é seo nuair a thugann úsáideoir cuairt ar a suíomh gréasáin chun sruthanna tráchta ar líne a rianú. Tá sé riachtanach ag suíomhanna gréasáin ESB, agus ag an tairseach cuntais custaiméirí go mbeadh fianáin ag feidhmiú ionas go mbeidh an tseirbhís in ann feidhmiú i gceart. Má dhéanann tú fianáin a dhíchumasú d'fhéadfadh nach mbeadh tú in ann teacht ar roinnt dár seirbhísí ar líne.

Tuilleadh léitheoireachta