(English Version below)
Dé Luain, 8 Lúnasa ag 9.15 pm
Thug Líonraí BSL an chumhacht ar ais chuig 372 custaiméir ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr thart ar 9 pm inniu. Tugadh Claochladán speisialta chun na n-oileán tráthnóna inniu agus d'oibrigh criúnna Líonraí BSL chun an dá ghineadóir a nascadh le córas leictreachais na n-oileán.
Thángthas ar an bhfabht ar chábla fomhuirí idir Inis Mór agus Inis Meáin 2chilliméadar amach ó chósta Inis Mór tráthnóna Dé hAoine. Ach a mbeidh mionscrúdú déanta ar an damáiste ar an gcábla agus ar an gcruth atá ar ghrinneall na farraige, déanfaidh innealtóirí ó Líonraí BSL agus ó ESB International cinneadh faoin mbealach is fearr, tríd is tríd, chun an deisiúchán a thabhairt chun críche. Sílimid go mbeidh idir coicís agus ceithre seachtaine i gceist chun an deisiúchán a dhéanamh.
Gabhann Líonraí BSL leithscéal le custaiméirí ar Inis Oírr agus ar Inis Meáin a bhfuil an cliseadh cumhachta seo tar éis cur isteach orthu. Is mian linn buíochas a ghabháil leis na hoileánaigh a chuir fáilte roimh chriúnna Líonraí BSL agus a bhí chomh tuisceanach leo fad a bhí siad ag suiteáil na ngineadóirí agus an chlaochladáin.
ESB Networks restores power to Inis Meáin and Inis Oírr
Monday, 8 August 2016 9.15 pm
ESB Networks restored power to 372 customers on Inis Meáin and Inis Oírr at approximately 9 pm this evening. Following the arrival of the specialised transformer this afternoon, ESB Networks crews worked to connect the two generators to the island electricity system.
The fault on a subsea cable between the Inis Mór and Inis Meáin was located 2km off the Inis Mór coast on Friday evening. Following a detailed examination of the cable damage and the seabed conditions, engineers from ESB Networks and ESB International will make a decision on the best overall method of completing the repair. We expect this to take two to four weeks to repair.
ESB Networks apologises to customers on Inis Oírr and Inis Meáin impacted by this outage. We also wish to acknowledge our appreciation for the understanding afforded to ESB Networks crews by islanders while on Inis Oírr putting the generators and transformer in place.