Skip to Content

ESB to recruit 1,000 people to accelerate its Net Zero strategy

 

  • Jobs include critical roles in Engineering, IT, Finance, Procurement, Customer Service, HR, Apprentices and Qualified Electricians
  • Smart, flexible working will be key to sustainable growth for the Group

Dublin, 30 May 2022

ESB is to recruit 1,000 people over the next three years to support the delivery of its ambitious Driven to Make a Difference: Net Zero by 2040 strategy.  

As part of its transformative drive to deliver the infrastructure, services and associated customer-focused solutions required to achieve net zero emissions, ESB is seeking to enhance its existing talent pool through recruitment across a range of technical and specialist skills including finance, IT, HR, engineering, customer service and qualified electricians.  

More than 300 graduates, apprentices and trainees will be recruited over the next three years as part of the recruitment drive, cementing ESB’s commitment to investing in career development and on building a future talent pipeline. 

Minister for the Environment, Climate and Communications, Eamon Ryan TD, said: “This is a critical time for Ireland’s energy landscape, as we work together to achieve the targets set out in the Climate Action Plan. I welcome ESB’s announcement today, setting out a plan to actively recruit people with the range of skills needed to support its own ambition to achieve net zero by 2040. Together with the 8,000 people already employed at the organisation, these new recruits will play a key role in creating a clean energy future for us all.”

ESB will recruit across a range of positions including marine geologists, cyber specialists, project management, network planning, commercial analysts, customer service and qualified electricians with a majority of the jobs located in Ireland (see full list below). 

Paddy Hayes, Chief Executive of ESB, said: “Today is another positive step in the delivery of our Net Zero by 2040 strategy as we launch our campaign to recruit 1,000 people within the next three years. ESB has always encouraged and supported progressive thinkers and innovators who are committed to making a difference. When you work with ESB, you join a dedicated, inclusive and innovative team focused on powering Ireland’s transition to a net zero carbon future. Today, we are making a call for talented and driven individuals to join us as we work together to make a difference by delivering a net zero energy future for the customers and communities we serve.”

ESB Group employs approximately 8,000 people across its diverse range of businesses including ESB Networks, Electric Ireland, ESB International, ESB Telecoms, NIE Networks, Generation and Trading, ecars and ESB’s Smart Energy Services. 

This jobs announcement follows the recent ESB Networks’ annual Apprentice Recruitment Campaign which will see up to 96 electrical apprentices start later this year, with the prestigious ESB Graduate Programme also commencing in September 2022. 

The roles will be advertised on www.esb.ie/careers where all interested applicants are invited to register their interest for future opportunities. 

#ESBNetZeroFuture

Ends

About the positions:

ESB is seeking to fill the following roles within the next three years:

  • IT – Cyber specialists, Data Scientists and AI, Digital and Cloud specialists, project management
  • Engineering – Offshore wind, renewables, network planning, asset development, environmental, civil, electrical and mechanical and environment (marine biologists and geologists, geotechnical roles and hydrology scientists)
  • HR and Commercial – Procurement, Financial Accountants, Commercial Analysts, Trading, Human Resources and Customer Service
  • Graduates, Trainees and Apprentices – Graduate Development programme, ESB Networks apprentice programme, Trainee and Apprentice roles in Finance, IT, HR, Engineering, Commercial.

About ESB’s Net Zero Strategy

ESB’s 2040 strategy Driven to Make a Difference: Net Zero by 2040 sets out a clear roadmap for ESB to achieve net zero emissions by 2040. It also commits ESB to a Science Based Target for 2030 to provide assurance that we are decarbonising our operations at the necessary pace and scale. The strategy sets out a pathway to achieve net zero in a way that supports our continued growth and financial capacity to invest in a net zero future.

More information here.

30 BEALTAINE 2022

Bord Soláthair an Leictreachais le 1,000 duine a earcú chun dlús a chur lena straitéis um neodracht carbóin.

 

  • I measc na bpost tá róil atá ríthábhachtach i réimsí éagsúla, Innealtóireacht, Teicneolaíocht Faisnéise, Airgeadas, Soláthar, Seirbhís do Chustaiméirí, Acmhainní Daonna mar aon le róil mar Phrintísigh agus Leictreoirí Cáilithe
  • Beidh ról lárnach ag an obair chliste sholúbtha má táimid chun fás inbhuanaithe a bhaint amach don Ghrúpa

Baile Átha Cliath, an 30 Bealtaine 2022

Tá Bord Soláthair an Leictreachais (ESB) le 1,000 duine a earcú sna trí bliana atá le teacht mar thacaíocht lena straitéis uaillmhianach Tiomanta ó thaobh Difear a Dhéanamh : Neodracht Carbóin faoi 2040 a bhaint amach.  

Mar chuid dá fheachtas bunathraitheach chun an bonneagar, na seirbhísí agus na fuascailtí do chustaiméirí a bhaint amach le haghaidh glan-astaíochtaí nialais, tá ESB ag tabhairt faoi earcaíocht i réimse scileanna teicneolaíochta agus sainscileanna chun cur leis an bhfoireann chumasach atá san eagraíocht, lena n-áirítear airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, acmhainní daonna, innealtóireacht, seirbhís do chustaiméirí agus leictreoirí cáilithe.  

Déanfar breis agus 300 duine a earcú sna trí bliana atá le teacht, idir chéimithe, phrintísigh agus oiliúnaithe, mar chuid den fheachtas earcaíochta, trína léireofar tiomantas an ESB i dtaca le hinfheistíocht a dhéanamh san fhorbairt gairme agus lucht cumasach saothair a fhorbairt don am atá le teacht. 

Seo an méid a bhí le rá ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD: “Seo tréimhse chinniúnach i dtírdhreach fuinnimh na hÉireann agus sinn ag obair le chéile leis na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a bhaint amach. Cuirim fáilte leis an bhfógra ó Bhord Soláthair an Leictreachais inniu, fógra ina leagtar amach plean chun daoine a earcú ar bhonn gníomhach a bhfuil na scileanna acu a theastaíonn le huaillmhian an Bhoird féin neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2040. Agus iad ag obair in éineacht leis an 8,000 duine atá fostaithe cheana féin san eagraíocht, beidh ról lárnach ag na hearcaigh nua seo fuinneamh glan mar chuid den ghnáthshaol a bhaint amach dúinn go léir san am atá le teacht.”

Déanfaidh ESB daoine a earcú i réimse post, lena n-áirítear geolaithe muirí, cibirspeisialtóirí, bainistíocht tionscadal, pleanáil líonra, anailíseoirí tráchtála, seirbhís do chustaiméirí agus leictreoirí cáilithe. Beidh an chuid is mó de na poist lonnaithe in Éirinn (féach an liosta iomlán thíos). 

Arsa Príomhfheidhmeannach ESB, Paddy Hayes: “Céim chun tosaigh eile atá againn inniu leis an straitéis atá againn, Neodracht Carbóin faoi 2040, a bhaint amach agus feachtas á sheoladh againn le 1,000 duine a earcú sna trí bliana atá le teacht. Tá BSL tar éis spreagadh agus tacaíocht a thabhairt i gcónaí do na smaointeoirí agus na nuálaithe forásacha siúd atá tiomanta ó thaobh difear a dhéanamh de. Má thagann tú le bheith ag obair linn in ESB, beidh tú mar chuid d’fhoireann dhíograiseach ionchuimsitheach nuálach a bheidh dírithe ar dhlús a chur le haistriú na hÉireann i dtreo saol carbóin glan-nialasach. Táimid ag cur gairm ar dhaoine cumasacha tiomanta inniu teacht le bheith ag obair i gcomhar linn le difear a dhéanamh agus saol glan nialasach fuinnimh a bhaint amach do na custaiméirí agus na pobail a ndéanaimid freastal orthu.”

Tá timpeall 8,000 duine fostaithe ag Grúpa ESB sna gnólachtaí éagsúla atá againn, lena n-áirítear ESB Networks, Electric Ireland, ESB International, ESB Telecoms, NIE Networks, Giniúint agus Trádáil, ESB ecars agus Seirbhísí Cliste Fuinnimh ESB. 

Tá an fógra post seo á dhéanamh againn tar éis dúinn Feachtas bliantúil ESB Networks chun Printísigh a Earcú a reáchtáil ar na mallaibh ina mbeidh suas le 96 printíseach leictreach ag tosú linn níos moille i mbliana. Cuirfear tús le Clár gradamach ESB do Chéimithe i Meán Fómhair 2022. 

Déanfar na róil a fhógairt ar www.esb.ie/careers , áit a bhfuil gach duine ar spéis leis nó léi iarratas a dhéanamh in ann an spéis sin a léiriú le haghaidh deiseanna a bheidh ann feasta. 

#ESBNetZeroFuture

Críoch

Eolas faoi na poist:

Is mian le ESB daoine a earcú sna róil seo sna trí bliana atá romhainn:

  • TF – Cibirspeisialtóirí, Eolaithe Sonraí agus Speisialtóirí IS, Digiteacha agus Néil, Bainistiú Tionscadal
  • Innealtóireacht – Gaoth amach ón gcósta, athnuaiteáin, pleanáil líonra, forbairt sócmhainní, innealtóireacht timpeallachta, shibhialta, leictreach, agus an comhshaol (bitheolaithe agus geolaithe muirí, róil gheoiteicniúla agus eolaithe hidreolaíochta)
  • Acmhainní Daonna agus Tráchtála – Soláthar, Cuntasóirí Airgeadais, Anailísithe Tráchtála, Trádáil, Acmhainní Daonna agus Seirbhís do Chustaiméirí
  • Céimithe, Oiliúnaithe agus Printísigh — Clár Forbartha Iarchéime, clár printíseach ESB Networks, róil mar Oiliúnaithe agus Printísigh san Airgeadas, sa TF, sna hAcmhainní Daonna, san Innealtóireacht agus sa Tráchtáil.

Maidir le Straitéis Ghlan-Nialasach ESB

I straitéis ESB Tiomanta ó thaobh Difear a Dhéanamh: Neodracht Carbóin faoi 2040, leagtar amach treochlár soiléir trína mbainfidh ESB glanastaíochtaí nialasacha amach faoi 2040. Gealltar sa straitéis chomh maith go gcloífidh ESB le Sprioc bunaithe ar an Eolaíocht le haghaidh 2030 le deimhniú a thabhairt go bhfuilimid ag obair ar ár n-oibríochtaí a dhícharbónú ar luas agus ar scála cuí. Leagtar conair amach sa straitéis chomh maith le neodracht carbóin a bhaint amach ar bhealach a thacóidh lenár bhfás leanúnach agus lenár gcumas maoinithe infheistíocht a dhéanamh i saol glan nialasach amach anseo.

Gheofar tuilleadh eolais anseo.