Márta 22, 2023, 07:13
by
User Not Found
Buaicphointí Airgeadais
- Infheistíocht Chaipitil €1.4 billiún sa bhonneagar fuinnimh - an méid is mó riamh
- Brabús oibriúcháin €847 milliún sular cuireadh míreanna eisceachtúla san áireamh (i gcomparáid le €679 milliún in 2021)
- Díbhinn fheabhsaithe €327 milliún molta (i gcomparáid le €126 milliún in 2021)
- Cuireann BSL €2.3 billiún le geilleagar na hÉireann gach bliain trí dhíbhinní, infheistíochtaí, cáin agus poist
- Ligeann Electric Ireland brabúis chónaithe uathu chun breis agus €55 milliún a chur ar fáil i gcreidmheasanna díreacha do chustaiméirí agus mar thacaíocht don Chiste Cruatain
- Is iad brabúis ó na gnólachtaí giniúna a fheidhmíonn sa mhargadh mórdhíola in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór atá ina bpríomhspreagadh ar an méadú ar bhrabúsacht BSL bliain ar bhliain.
Arna eisiúint: Dé Céadaoin, an 22 Márta 2023
D’fhoilsigh Grúpa BSL a Ráitis Airgeadais inniu don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2022.
Agus é ag caint faoi na torthaí, dúirt Paul Stapleton, Príomhoifigeach Airgeadais BSL:
“Aithníonn BSL go bhfuil praghsanna arda fuinnimh deacair dár gcustaiméirí. Bhí 2022 neamhghnách ar fad mar bhliain i margaí fuinnimh an domhain i bhfianaise praghsanna mórdhíola luaineacha agus arda as ar tháinig brabúis thar a bheith ard ó ghnólachtaí giniúna BSL in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. In 2022, chuireamar leibhéil infheistíochta caipitil €1.4 billiún ar fáil i mbonneagar fuinnimh criticiúil agus athléimneacht líonra, agus neartaíomar ár dtiomantas do neodracht a bhaint amach faoi 2040. Ligeann an méadú ar bhrabúsacht dúinn freisin díbhinn fheabhsaithe €327 milliún a mholadh, rud a chiallaíonn gur cuireadh díbhinn iomlán beagnach €1.5 billiún ar fáil le 10 mbliana anuas.”
Lean sé air: “Mar eintiteas rialáilte, tá sé de cheangal ar BSL a ghnó soláthair, Electric Ireland, a oibriú ar bhonn neamhspleách. Ní cheadaítear fóirdheontas a thabhairt don ghnó sin (lena n-áirítear na praghsanna a ghearrann sé ar a chustaiméirí) le hioncam a thuilltear óna líonraí nó ó ghnólachtaí giniúna. Ní dhearna Electric Ireland aon bhrabús ina ghnó soláthair leictreachais cónaithe in Éirinn anuraidh toisc gur thugamar breis agus €55 milliún ar ais trí chreidmheas €50 a thabhairt i mí na Nollag do gach custaiméir den bhreis agus 1.1 milliún custaiméir cónaithe atá againn agus mhéadaíomar ár gCiste Cruatain go €5 mhilliún.”
Sonraí Airgeadais
Tháinig méadú €168 milliún ar bhrabús oibriúcháin roimh mhíreanna eisceachtúla i gcomparáid le 2021, go príomha mar gheall ar an tionchar a bhí ag praghsanna mórdhíola níos airde inár ngnólachtaí Giniúna agus Trádála in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. Rinneadh é seo a fhritháireamh, go pointe áirithe, trí chaillteanais i ngnólachtaí Réitigh Custaiméirí agus leibhéil níos ísle brabúsachta in ESB Networks agus NIE Networks.
Díbhinní agus ranníocaíochtaí eile
Tá BSL ag moladh díbhinn fheabhsaithe aonuaire €327 milliún, sin méadú ar an €126 milliún a tugadh in 2021, rud a fhágann go bhfuil díbhinní beagnach €1.5 bhilliún tugtha againn le 10 mbliana anuas. Cuireann BSL méid suntasach fostaíochta ar fáil go díreach agus breis agus 8,000 duine fostaithe againn, agus go hindíreach nuair a chuirtear conraitheoirí agus soláthraithe seirbhíse san áireamh. Cuireann BSL breis agus €2.3 bhilliún le geilleagar na hÉireann gach bliain trí dhíbhinní, infheistíochtaí, cáin agus poist.
Feidhmíocht an Aonaid Ghnó
Giniúint agus Trádáil
Ag €774 milliún, tá méadú €590 tar éis teacht ar an mbrabús oibriúcháin a bhaineann le Giniúint agus Trádáil i gcomparáid le 2021. Is é is cúis leis seo go príomha ná corrlach méadaithe fuinnimh i gcás sócmhainní giniúna teirmeacha agus in-athnuaite mar thoradh ar phraghsanna margaidh mórdhíola níos airde in Éirinn, agus sa Bhreatain Mhór go háirithe.
Infheistíocht a dhéanamh i mBonneagar Fuinnimh do Chóras Ísealcharbóin
- Infheistíodh níos mó ná €130 milliún i sócmhainní nua solúbtha giniúna (toilleadh 190MW) agus stórála leictreachais, lena n-áirítear dhá thionscadal mhóra nua stórála ceallraí in Áth Fhada agus sa Choill Mhóir (Baile Átha Cliath), agus trí cinn eile atá á dtógáil faoi láthair.
- Réamhíocadh beagnach €300 milliún chuig tionscadail chomhfhiontair in-athnuaite, san earnáil amach ón gcósta go príomha.
- Nuair a tógadh comhdhlúthadán sioncrónach nua ag Gob na Muine i gCo. an Chláir, críochnaíodh an chéad chéim eile de thionscadal uaillmhianach an Atlantaigh Ghlais, rud a léiríonn infheistíocht fhoriomlán €50 milliún go dtí seo.
- Chun tacú le slándáil fuinnimh tráth a raibh corrlaigh acmhainne níos doichte ag teacht i bhfeidhm in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór, d'infheistigh BSL breis agus €20 milliún le linn 2022 chun athléimneacht ár sócmhainní giniúna reatha a neartú agus a n-infhaighteacht a uasmhéadú le haghaidh amanna a bhíonn ardéileamh orthu.
- Leanann an obair leanúnach ar c.200 MW de chumas giniúna éigeandála sealadach a shuiteáil sa Phort Thuaidh, dírithe ar gheimhreadh 2023/24.
Thuairiscigh Réitigh do Chustaiméirí (Electric Ireland san áireamh) caillteanas oibriúcháin €109 milliún. Bhí feidhmíocht airgeadais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann laghdaithe i gcomparáid le blianta roimhe seo mar gheall ar an gcreidmheas geimhridh €50 a tugadh do chustaiméirí cónaithe in Éirinn, rud a chuir deireadh le brabús ar bith ar dhíolacháin leictreachais chónaitheacha in Éirinn. Ina theannta sin, tharla caillteanas foriomlán i Réitigh do Chustaiméirí mar thoradh ar chaillteanais a tabhaíodh i ngnó miondíola na Breataine Móire a tharla mar gheall ar chostais mhéadaithe mhórdhíola fuinnimh in éineacht leis an gcaidhp phraghais sainordaithe rialála.
Ag tacú lenár gcustaiméirí agus lenár bpobail tríd an ngéarchéim fuinnimh
- Chuir Electric Ireland creidmheas €50 i bhfeidhm do gach custaiméir cónaithe leictreachais in Éirinn i mí na Nollag 2022.
- Méadaíodh Ciste Cruatain Electric Ireland go €5 mhilliún.
ESB Networks
Ag €207 milliún in 2022, tá brabús oibriúcháin ESB Networks síos €202 milliún ar fhigiúirí 2021 mar gheall ar laghdú ar ioncam ó tharaifí rialáilte, costais oibriúcháin ní b’airde chun tacú le seachadadh PR5 agus costais dímheasa ní b’airde mar gheall ar mhéadú ar an mbonn sócmhainní. Ag €869 milliún in 2022, tá méadú €135 milliún (18%) tagtha ar chaiteachas caipitiúil 2021 mar thoradh ar mhéadú ar naisc nua custaiméirí, cláir athsholáthair sócmhainní ní b’airde agus infheistíocht níos b’airde sa líonra tarchurtha.
Infheistíocht a dhéanamh i líonra athléimneach
- Rinneadh an méid ba mhó giniúna in-athnuaite a cheangail i 2022 le thart ar 700MW, ag nascadh 23 tionscadal gineadóra in-athnuaite ar mhórscála.
- D'infheistigh ESB Networks €347 milliún in athneartú líonra agus in athsholáthar sócmhainní in 2022 agus caitheadh €130 milliún ar an líonra reatha a chothabháil ag an am céanna.
- Leanadh ar aghaidh leis an dul chun cinn ar an gClár Méadraithe Cliste le caiteachas €134 milliún in 2022. Suiteáladh breis agus 1.1 mhilliún méadar cliste faoi mhí na Nollag 2022 agus bíonn ESB Networks ag nascadh breis agus 40,000 méadar cliste in aghaidh na míosa anois.
- I mí Dheireadh Fómhair 2022, leathnaíodh ESB Networks an tionscnamh “Beir Bua ar an mBuaic” do chustaiméirí baile atá á spreagadh chun clárú le bearta a ghlacadh chun a n-éileamh aonair a úsáid taobh amuigh de bhuaicamanna na hoíche.
- Sheol ESB Networks próiseas nasctha nua um ghiniúint ar scála beag i mí Mheán Fómhair 2022. Dearadh é seo chun ligean do níos mó custaiméirí, a ghineann a leictreachas in-athnuaite féin, a leictreachas breise a nascadh agus a easpórtáil go sábháilte leis an líonra leictreachais áitiúil agus, dá bhrí sin, páirt níos gníomhaí a ghlacadh ó thaobh an tír seo a nascadh le todhchaí ghlan leictreach.
NIE Networks
Ag €64 milliún in 2022, tá laghdú €10 milliún tagtha ar bhrabús oibriúcháin NIE Networks in 2021. Tharla sé seo mar thoradh ar bhrúnna boilscithe ar bhonn costais NIE Networks agus costais foirne méadaithe a léiríonn an earcaíocht a rinneadh i rith na bliana chun NIE Networks a chumasú chun a ghealltanais a chur i gcrích maidir leis an gcóras fuinnimh a athrú ó bhonn chun spriocanna aeráide Thuaisceart Éireann a bhaint amach.
Ag €255 milliún, tá méadú €62 milliún tagtha ar chaiteachas caipitil, rud a léiríonn méadú ar chláir oibre mar chuid de phlean NIE Networks chun na haschuir fhisiciúla a theastaíonn sa rialú praghsanna reatha a sheachadadh go rathúil.
Tá an tuarascáil bhliantúil iomlán le fáil anseo.
Críoch/
Fiosruithe ó na meáin: Gráinne Burns, 087-9536640 / grainne.burns@esb.ie
Eolas faoi BSL
Bunaíodh BSL in 1927 mar chomhlacht reachtúil faoin Acht Leictreachais (Soláthar), 1927. Agus gabháltas 96.9% aici, tá BSL faoi úinéireacht thromlaigh Rialtas na hÉireann. Tá an 3.1% eile i seilbh iontaobhaithe Phlean Úinéireachta Scair-Úinéireachta d'Fhostaithe. Mar fhóntas láidir éagsúlaithe, oibríonn BSL ar fud mhargadh an leictreachais, ó ghiniúint trí tharchur agus dáileadh, go soláthar custaiméirí chomh maith lenár líonraí a úsáid chun snáthoptaic a iompar le haghaidh teileachumarsáide. Is príomhfhóntas Éireannach é BSL le bonn sócmhainne rialáilte de thart ar €12.0 billiún (ina bhfuil ESB Networks €9.7 billiún agus NIE Networks €2.3 billiún), sciar 30% den ghiniúint sa mhargadh uile-oileáin agus gnólachtaí soláthair leictreachais agus gáis do níos mó ná 2 mhilliún cuntas custaiméara ar fud oileán na hÉireann agus na Breataine Móire. Le linn na bliana dar chríoch an 31 Nollaig 2022, d'fhostaigh Grúpa BSL breis agus 8,000 duine ar an meán.