Skip to Content

Airgeadas ag ESB

Déanann feidhm airgeadais ESB ár straitéis a mhúnlú agus a sheachadadh, agus cosnaíonn ár neart airgeadais ag an am céanna. Déanaimid é sin trí bheith inár gcomhpháirtí iontaofa a thiomáineann an fheidhmíocht trí léargais ghnó agus a thiomáineann an luach i ndeiseanna tráchtála.

Déanaimid an nuálaíocht agus feabhas leanúnach a chumasú ach dea-chleachtais a chur i bhfeidhm chun an caighdeánú, an simpliú agus an infhaighteacht sonraí a spreagadh. Is léir é sin i bpróisis, tuairisciú, rialachas, rialú agus bainistiú páirtithe leasmhara iomchuí.

Is foireann ardfheidhmíochta muid agus cuirimid deiseanna ar fáil chun scileanna nua a fhorbairt, dul chun cinn a dhéanamh sa ghairm, agus comhoibriú ar fud foirne éagsúla. Is sofhreagrúil an tsamhail oibriúcháin atá againn, agus téimid in oiriúint do chúinsí de réir mar is gá. Éiríonn linn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair trí leas a bhaint as ár n-acmhainní go léir, trí infheistíocht a dhéanamh inár gcuid fostaithe agus trí dhul i gcomhar le chéile.

Mar chúiteamh, cuirimid deiseanna gairme den scoth ar fáil dár gcuid fostaithe, deiseanna a thugann na huirlisí, an tsolúbthacht agus an neamhspleáchas dóibh lenár gcuspóir a bhaint amach i dtimpeallacht ghasta, shofhreagrúil.

Ar mhaith leat oibriú d’eagraíocht bhríomhar, rathúil agus nuálaíoch?

Déan iarratas anois

Tuilleadh léitheoireachta