MFómh 7, 2023, 07:49
by
User Not Found
Breis is 1.1 milliún custaiméir de chuid Electric Ireland chun leas a bhaint as laghdú 10% ar phraghas an leictreachais agus laghdú 12% ar phraghas an gháis
- Is ionann an laghdú 10% ar na rátaí aonaid leictreachais agus ar na buanmhuirir do chustaiméirí baile agus coigilteas €212.06 in aghaidh na bliana ar an meánbhille leictreachais.
- Is ionann an laghdú 12% ar na rátaí aonaid gáis agus ar na buanmhuirir do chustaiméirí baile agus coigilteas €216.67 in aghaidh na bliana ar an meánbhille gáis.
- Is laghdú bliantúil €428.74 é sin do na custaiméirí siúd a fhaigheann a gcuid leictreachais agus gáis araon ó Electric Ireland.
- Beidh an Bille Bliantúil Measta (EAB) ag Electric Ireland níos ísle ná aon EAB eile le haghaidh Taraif Inathraitheach Chaighdeánach Leictreachais atá ar fáil faoi láthair nó a fógraíodh don mhargadh.
- Tá bearta éagsúla fós i bhfeidhm ag Electric Ireland le tacú le custaiméirí, lena n-áirítear pleananna íocaíochta agus Ciste Cruatain €5 mhilliún.
Arna eisiúint faoi lánchosc: 9 r.n., an 7 Meán Fómhair 2023
Tá fógartha inniu (an 7 Meán Fómhair 2023) ag Electric Ireland, an soláthróir fuinnimh is mó in Éirinn, go bhfuil sé chun na praghsanna leictreachais agus gáis a laghdú 10% agus 12% faoi seach do níos mó ná 1.1 milliún custaiméir baile le héifeacht ón 1 Samhain 2023. Is ionann na laghduithe – ar an ráta aonaid agus ar an mbuanmhuirear araon – agus €17.67 sa mhí ar an meánbhille leictreachais do chustaiméirí baile agus €18.06 sa mhí ar an meánbhille gáis do chustaiméirí baile, de réir an Bhille Bhliantúil Mheasta arna shainiú ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU).
Fágann sé sin go sábhálfaidh custaiméirí baile leictreachais Electric Ireland €212.06 ar an meán agus sábhálfaidh na custaiméirí baile gáis €216.67 ar an meán ar a mbillí bliantúla. Is laghdú bliantúil €428.74 é sin do na custaiméirí siúd a fhaigheann a gcuid leictreachais agus gáis araon ó Electric Ireland.
Ag labhairt dó faoin laghdú ar na praghsanna, dúirt Pat Fenlon, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Electric Ireland; “Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh laghdú 10% ag dul dár gcustaiméirí leictreachais agus laghdú 12% dár gcustaiméirí gáis an geimhreadh seo.
“Tá a fhios againn go raibh an dá bhliain anuas thar a bheith deacair dár gcuid custaiméirí mar gheall ar an tionchar a bhí ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar na praghsanna fuinnimh. Cé go bhfuil na praghsanna mórdhíola idirnáisiúnta ag titim le roinnt míonna anuas, bhí custaiméirí Electric Ireland cosanta ar na bpraghsanna ab airde ag straitéisí fálaithe an chomhlachta. Bíodh sin mar atá, tá na praghsanna mórdhíola gáis fós thart ar 300% níos airde ná mar a bhí siad in 2020, rud atá ag dul i bhfeidhm ar bhillí custaiméirí go fóill.”
“Tá an luach is fearr agus is féidir á chur ar fáil againn dár gcuid custaiméirí i gcónaí agus, mar sin, caithimid dúthracht lena chinntiú go mbíonn ceann de na rátaí caighdeánacha leictreachais is ísle sa mhargadh againn. Táimid chun an ráta a laghdú tuilleadh anois ar aon dul leis na laghduithe atá tagtha ar an margadh mórdhíola fuinnimh agus beidh an ráta sin ar fáil go huathoibríoch dár gcuid custaiméirí dílse go léir – ní do chustaiméirí nua amháin. Na custaiméirí siúd a íocann tríd an dochar díreach agus a roghnaíonn an ríomhbhilleáil, is féidir leo lascainí breise uathoibríocha a fháil – lascaine sheasmhach bhreise suas le 8.5% dóibh siúd a fhaigheann idir leictreachas agus ghás uainn agus 5.5% do chustaiméirí leictreachais. Tá pleananna solúbtha íocaíochta againn freisin dóibhsean atá ag streachailt a gcuid billí fuinnimh a íoc, chomh maith le taifid fíorama úsáide do chustaiméirí a bhfuil méadar cliste acu.
“Tá breis agus €63 milliún curtha ar fáil ag Electric Ireland le tacú le custaiméirí ó bhí geimhreadh 2020 ann. Áirítear san fhigiúr sin €55 milliún a tugadh ar ais do chustaiméirí anuraidh trí dhéanamh gan bhrabús, chomh maith le Ciste Cruatain €5 mhilliún Electric Ireland a leanfaidh air ag cabhrú le custaiméirí a bhfuil deacrachtaí íocaíochta acu an geimhreadh seo.”
Tá réitigh éagsúla ag Electric Ireland le cabhrú le custaiméirí a bhfuil dúshláin airgeadais le sárú acu, lena n-áirítear pleananna íocaíochta solúbtha, sosanna ó íocaíocht, méadair íoc-mar-a-úsáidtear, Pleananna Méadair Chliste, eolas ar úsáid fuinnimh agus leideanna agus comhairle le fuinneamh a spáráil. Téigh chuig Mol Tacaíochta Custaiméirí Electric Ireland le tuilleadh eolais a fháil agus chuig Mol Neodrachta Electric Ireland le smaointe a fháil faoi na bealaí ar féidir leatsa an méid leictreachais a úsáideann tú a laghdú agus, ar an gcaoi sin, airgead a shábháil. Is féidir leat do chuntas leictreachais a bhainistiú freisin trí aip Electric Ireland.