Skip to Content

Infheistiú inár mbonneagar feithiclí leictreacha (EV)

Leanaimid orainn ag déanamh infheistíocht mhór inár líonra luchtaithe EV agus tá sé mar aidhm againn líon na bpointí luchtaithe a mhéadú faoi dhó go 3,000 ar fud oileán na hÉireann faoi 2030.

Tá 31 mol luchtaithe ardchumhachta tógtha againn le tamall anuas agus tá 6 cinn eile á dtógáil faoi láthair, rud a thugann saoirse do thiománaithe chun dul níos faide.

Breathnaigh ar an bhFíseán

Faigh Amach Grúpa ESB 

Todhchaí glan náid a thiomáint

Réitigh Nuálacha do Thodhchaí Fuinnimh Ghlain

Táimid ag réiteach an bhealaigh chun todhchaí saor ó charbóin a chur ar fáil do chách tríd an gcur chuige oscailte, nuálach atá againn a chur i bhfeidhm agus trína bheith ag comhoibriú lenár gcomhpháirtithe.

Gairmeacha

Tar ag obair linn in ESB chun todhchaí Saor ó Charbóin a thógáil. Tóg céim mhór chun tosaigh i do ghairm. Glac seasamh agus cabhraigh linn athruithe inbhuanaithe a chur i bhfeidhm atá bunaithe ar an bhfreagracht shóisialta.

Ár nAistear Inbhuanaitheachta

Le beagnach 100 bliain anuas, tá ár gcumas agus ár saineolas curtha i bhfeidhm againn chun réitigh fuinnimh chliste agus inbhuanaithe a fhorbairt.

Tuilleadh Eolais

Infheistiú i STEM

Tá ESB ag infheistiú san oideachas eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice d’fhonn na scileanna a fhorbairt a bheidh ag teastáil le dul i ngleic le fadhbanna fuinnimh an lae inniu agus sa todhchaí.

Ár Straitéis

Leagan ár straitéis ‘Driven to Make a Difference: Net Zero by 2040’ amach treochlár soiléir chun glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach.

Torthaí eatramhacha fógartha ag BSL don leathbhliain dar críoch an 30 Meitheamh 2023

MFómh 19, 2023, 06:08 by User Not Found
D’fhoilsigh Grúpa BSL a Ráitis Eatramhacha Airgeadais inniu do na 6 mhí dar críoch an 30 Meitheamh 2023 (L1 2023), tréimhse a raibh an tionscal fuinnimh fós faoi scamall na héiginnteachta agus an athraithe.

  • Brabús oibriúcháin €676m
  • Méadú 46% ar infheistíocht chaipitil go €779m
  • Cuireann na torthaí bonn faoi infheistíocht láidir leanúnach i dtodhchaí fuinnimh a bheidh níos inbhuanaithe agus níos seasmhaí i gcomhréir le huaillmhian straitéiseach BSL maidir leis an Neodracht Charbóin faoi 2040

 

Arna eisiúint: Dé Máirt, an 19 Meán Fómhair 2023

D’fhoilsigh Grúpa BSL a Ráitis Eatramhacha Airgeadais inniu do na 6 mhí dar críoch an 30 Meitheamh 2023 (L1 2023), tréimhse a raibh an tionscal fuinnimh fós faoi scamall na héiginnteachta agus an athraithe.

Is ionann brabús oibriúcháin an Ghrúpa agus €676 mhilliún do na 6 mhí go Meitheamh 2023 agus méadú €157 milliún (30%) ar an tréimhse chéanna in 2022, rud a chuir ar chumas BSL €779 milliún de chaiteachas caipitIúil (méadú 46% ar an tréimhse chéanna anuraidh) a infheistiú i mbonneagar criticiúil.

Baineann an méadú ar bhrabús oibriúcháin go príomha le hoibríochtaí BSL sa Bhreatain Mhór, agus corrlach fuinnimh níos airde* tuillte i ngnó Giniúna agus Trádála GB an Ghrúpa agus feidhmíocht fheabhsaithe sa ghnó soláthair fuinnimh atá ag BSL sa Bhreatain Mhór. Ina theannta sin, d’ardaigh an t-ioncam in ESB Networks mar thoradh ar athruithe rialáilte ar tharaifí líonra, agus bhain BSL tairbhe as gluaiseachtaí malairte eachtraí, leis. Rinneadh na gluaiseachtaí dearfacha sin a fhritháireamh go páirteach le brabúsacht Electric Ireland níos ísle don tréimhse 6 mhí sin i gcomparáid leis an gcéad leath de 2022.

Tháinig méadú 46% ar infheistíocht chaipitil go €779m i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Ag labhairt dó faoi na torthaí, dúirt Paul Stapleton, Príomhoifigeach Airgeadais BSL an méid seo a leanas:

Tuigimid go hiomlán go dtéann sé deacair ar dhaoine brabúis na gcomhlachtaí fuinnimh a thuiscint tráth a bhfuil praghsanna do theaghlaigh agus do ghnólachtaí fós ard. Óir ceanglaítear ar ghnólachtaí giniúna agus soláthair BSL a bheith ag feidhmiú ar leithligh, ní féidir linn na brabúis ó ghnólacht giniúna BSL a úsáid chun praghsanna Electric Ireland a fhritháireamh. Mar sin féin, táimid tiomanta i gcónaí, mar a bhíomar ó thús na géarchéime fuinnimh, tacú lenár gcuid custaiméirí a mhéid is féidir linn. Beidh sé ríthábhachtach i gcónaí go leanfaidh BSL de bhrabúis leordhóthanacha a thuilleamh chun go mbeimid in ann tacú leis an infheistíocht mhéadaithe is gá chun leictreachas glan a sholáthar amach anseo.

“Tá gá leis an leibhéal méadaithe infheistíochta sin chun córas leictreachais iontaofa agus inbhuanaithe a chinntiú agus muid ag aistriú chuig an neodracht charbóin. Le himeacht na chéad 6 mhí de 2023, d’infheistigh BSL €779 milliún de chaiteachas caipitiúil chun tacú le slándáil fuinnimh agus chun déine carbóin ár líonraí agus ár bpunann giniúna a ísliú. Cuireann na torthaí seo, agus cobhsaíocht airgeadais leanúnach BSL, bonn faoi infheistíocht láidir leanúnach i dtodhchaí fuinnimh a bheidh níos glaine agus níos seasmhaí i gcomhréir le huaillmhian straitéiseach na cuideachta maidir leis an Neodracht Charbóin faoi 2040.”

Tá infheistíocht mhór á déanamh ag BSL i bhforbairt na giniúna nua gaoithe agus gréine, agus i méadú suntasach ar mhéid na giniúna in-athnuaite atá nasctha le líonraí leictreachais na hÉireann. Tá pleananna uaillmhianacha ag BSL chun a chion féin a dhéanamh le freastal ar riachtanais fuinnimh in-athnuaite na hÉireann atá ag dul i méid, go háirithe i dtionscadail ghaoithe amach ón gcósta agus i dtionscadail chomhlántacha na hidrigine glaise. Tá go leor de sin á chur ar aghaidh trí chomhpháirtíochtaí le gníomhaithe forásacha domhanda in earnáil na n-athnuaiteán, agus d’fhéadfaí breis agus €20 billiún a infheistiú idir seo agus 2040. Tá sé beartaithe ag ESB Networks, trína straitéis Líonraí i dTreo na Neodrachta, €10 mbilliún a infheistiú i líonra leictreachais níos solúbtha agus níos cliste idir seo agus 2030.

Tá thart ar €1.5 billiún curtha ar fáil ag BSL i bhfoirm díbhinní don Stát le 10 mbliana anuas, lena n-áirítear díbhinn dar luach €317 milliún ó bhrabúis 2022. Is ag deireadh na bliana airgeadais a dhéanfar machnamh ar dhíbhinní ó bhrabúis 2023.

Agus aitheantas á thabhairt don dúshlán dár gcuid custaiméirí, tá os cionn €63 mhilliún geallta ag Electric Ireland do thacaíochtaí do chustaiméirí ó gheimhreadh 2020 i leith. Áiríodh leis sin tarscaoileadh brabús roimhe seo ina ghnólacht leictreachais chónaithe i bPoblacht na hÉireann in 2022, agus creidmheas €50 a thabhairt do gach ceann dá 1.1m custaiméir, a íocadh go luath in 2023.

Dúirt Paul Stapleton chomh maith: “Aithníonn BSL cé chomh dúshlánach agus atá na praghsanna arda fuinnimh atá ann faoi láthair dár gcuid custaiméirí.  Is ábhar misnigh é gur laghdaigh na leibhéil luaineachta sna margaí fuinnimh domhanda a tharla in 2022 beagán sa chéad leath de 2023. Bhí dálaí an mhargaidh réasúnta níos cobhsaí sa chéad 6 mhí i mbliana, agus laghdaíodh praghsanna mórdhíola ó bhuaiceanna 2022, cé go bhfuil siad fós i bhfad níos airde ná na leibhéil a bhí i réim roimh an ngéarchéim fuinnimh. Má leanann an treocht anuas seo i bpraghsanna mórdhíola, ba cheart go bhfeicfeadh custaiméirí an sochar de réir a chéile mar phraghsanna fuinnimh níos ísle. Is rud dearfach é go raibh Electric Ireland in ann laghduithe 10% don leictreachas agus 12% don ghás a fhógairt le déanaí dá 1.1m custaiméir cónaithe i bPoblacht na hÉireann. Tá praghsanna miondíola iomaíocha á dtairiscint ag Electric Ireland i gcónaí mar atá déanta aige i rith na géarchéime fuinnimh agus coinníonn sé a phraghsanna faoi athbhreithniú leanúnach.”

Is féidir teacht ar na torthaí airgeadais eatramhacha iomlána do L1 2023 anseo.

* Corrlach Fuinnimh = díolacháin a bhaineann le fuinneamh lúide costais dhíreacha fuinnimh, roimh fhorchostais agus costais oibriúcháin