Cód Eitice an ESB
Sceithireacht agus Nochtadh Cosanta
Chun tacú lenár dtiomantas d’ardchaighdeáin iompair agus chun cultúr oscailteachta, trédhearcachta agus cothroime a chothú, cultúr ina mbeadh sé sábháilte agus inghlactha ábhair imní a ardú, tugann ESB spreagadh d’fhostaithe agus do dhaoine eile ábhair imní a bhaineann le héagóir san áit oibre agus in áiteanna eile a ardú, ar éagóir í a bhaineann le hoibríochtaí ESB, agus tá coinne aige leis go ndéanfaidh daoine amhlaidh.
Tá sé mar aidhm ag an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 ná sraith cosaintí fostaíochta agus díolúine a chur ar fáil do sceithirí i ndáil le héagóir fhéideartha san áit oibre. I mBeartas ESB maidir le Sceithireacht agus Nochtadh Cosanta, leagtar amach na sásraí lena bhféadfaidh fostaithe agus lucht bainistíochta ESB ábhair imní a ardú nó nochtadh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, i gcomhréir leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014.
Deimhníonn ESB go bhfuil cainéil tuairiscithe inmheánacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm aige chun nochtadh cosanta a dhéanamh, mar a cheanglaítear leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (arna leasú). Tá an fhaisnéis a chuir ESB ar fáil faoin Acht don Aire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe maidir leis an mbliain féilire dheireanach ar fáil le híoslódáil thíos: