Skip to Content

Comhaltaí Bhord ESB 

Faoi láthair tá 12 chomhalta ar Bhord ESB, líon atá comhdhéanta den Chathaoirleach, den Phríomhfheidhmeannach, de sheisear stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin neamhspleácha agus de cheathrar comhaltaí tofa den Bhord Oibrithe. 

Maidir leis na comhaltaí Boird:

  • déanann siad grinnscrúdú neamhspleách, neamhchlaonta ar mhaoirseacht na heagraíochta; 

  • ceistíonn siad rudaí nuair is gá, ach tacaíonn ag an am céanna le baint amach straitéis agus cuspóirí na heagraíochta; 

  • tá na scileanna cuí acu le comhairle mhachnamhach a chur ar fáil ar bhonn breithiúnas agus taithí stuama; agus 

  • cuireann siad a ndóthain ama i leataobh don obair, ar bhealach atá i gcomhréir leis an ról atá acu. 

Is iad an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a chinneann ceapadh agus luach saothair chomhaltaí neamhspleácha an Bhoird (an Cathaoirleach ina measc) agus ní fhaigheann siad pinsin ná aon luach saothair eile. Leagtar amach na téarmaí agus coinníollacha ina litir cheapacháin. 

 

Terence O'Rourke Cathaoirleach

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird:
Samhain 2020 mar Chomhalta Boird agus mar an Cathaoirleach. De bhreis ar a ról mar Chathaoirleach an Bhoird, tá Terence ina chathaoirleach ar an gCoiste Luacha Saothair agus Forbartha Bainistíochta. 

Taithí Ghairme:
Comhalta de chuid Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn. Thosaigh sé ag obair le KPMG in 1975, rinneadh comhpháirtí iniúchta de in 1988 agus toghadh ina Chomhpháirtí Bainistíochta é in 2006. Comhalta de Bhord Domhanda, d’Fhoireann Feidhmiúcháin agus de Bhord EMA KPMG, ó 2007 go 2013. Is iomaí scil ghnó atá ar a thoil ag Terence, chomh maith le hardtaithí ar róil tráchtála, airgeadais, chinnteoireachta agus forbartha straitéise ag obair le cliaint in Éirinn agus thar lear. 

Ceapacháin Sheachtracha:
 Ina Chathaoirleach faoi láthair ar Fhiontar Éireann agus Kinsale Capital Management. Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta in Hibernia REIT Cpt, Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta in The Irish Times Teo. Cathaoirleach ar Fhoras Bainistíochta na hÉireann agus Comhalta Boird de chuid na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha. Bhí sé i gceannas ar Ghrúpa Athbhreithnithe Straitéisigh 2014 na Comhairle Ealaíon agus bhí baint aige le boird roinnt carthanachtaí. 

Anne Butler

Dáta a céadcheaptha chun an Bhoird:
Samhain 2012 mar Chomhalta Boird Neamhspleách 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha:
20/11/2022  

Taithí Ghairme:
Innealtóir cairte. D’oibrigh sí i gcomhairleacht innealtóireachta d’údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath agus bhí sí ar dhuine de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a bhunaigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC). Iar-Uachtarán de chuid Institiúid Innealtóirí na hÉireann agus comhalta de chuid Acadamh Innealtóireachta na hÉireann. 

Ceapacháin Sheachtracha: 
D’fhóin sí ar roinnt bord, an tÚdarás Náisiúnta Bóithre, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ina measc, agus faoi láthair tá sí ar bhord REPAK agus ar Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh. 

   
Dave Byrne

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird: 
Eanáir 2011 faoin Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977. Athcheapadh chun an Bhoird i Meán Fómhair 2018 é go ceann ceithre bliana. 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha:
31/12/2022  

Taithí Ghairme: 
Bhí sé ar fhoireann atá anois ina cuid d’eagraíocht Ionad Seirbhíse Gnó ESB agus d’oibrigh tráth sa Rannóg Soláthair Custaiméirí (an Rannóg Réiteach Custaiméirí na laethanta seo). 

Ceapacháin Sheachtracha: Uachtarán ar Chumann Oifigeach ESB go dtí Aibreán 2010, tráth ar ceapadh mar an t-ionadaí do Ghrúpa na gCeardchumann sa Chomhpháirtíocht Lárnach é. 

Stephen Carrig

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird:
 Eanáir 2019 faoin Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977. 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha: 
31/12/2022  

Taithí Ghairme:
Thosaigh sé le ESB mar leictreoir printíseach in 1985. Tá bunchéim agus máistreacht san innealtóireacht aige ó Choláiste na Tríonóide agus ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi seach. Is é an Speisialtóir Bainistithe Sócmhainní Rialuithe agus Uirlisí é le haghaidh na Punainne Giniúna. 

Ceapacháin Sheachtracha: 
Ball d’Institiúid Innealtóirí na hÉireann (IEI) agus iarChathaoirleach ar Chumann Gairmiúil na hEarnála Fuinnimh ó 2014 go 2018. 

Andrew Hastings

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird: Iúil
2015. 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha:
26/07/2025  

Taithí Ghairme:
Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách agus Meantóir tar éis gairm 30 bliain i seirbhísí baincéireachta agus airgeadais. Stiúrthóir Cairte, Baincéir Cairte agus Stiúrthóir Deimhnithe Bainc. Bhí sé mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Barclays Bank Ireland cpt go dtí Márta 2015, post ar áiríodh leis freagracht as Tuaisceart Éireann chomh maith. Príomhoifigeach feidhmiúcháin ar BNP Paribas Ireland tráth.Bhain sé baitsiléir riaracháin amach in 1985 ó Ollscoil Dhún Dé. 

Ceapacháin Sheachtracha:
Stiúrthóir de chuid Elavon Financial Services CGA, an fhochuideachta de chuid US Bancorp atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, stiúrthóir de chuid Pepper Finance Corporation (Ireland) CGA, stiúrthóir de chuid Scottish Building Society agus comhairleoir do Valuation Consulting LLP, atá lonnaithe i Londain. 

Seán Kelly

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird:
Eanáir 2011 faoin Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977. 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha:
31/12/2022  

Taithí Ghairme:
 In ESB Networks a cuireadh tús lena ghairm 20 bliain ó shin, áit a bhfuil sé anois i gceannas ar thionscadail mhóra. Tá céim onóracha sa ghnó aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le hard-dioplóma san idirghabháil agus réiteach coimhlinte ó Ollscoil Mhá Nuad. Tá dioplóma sna hacmhainní daonna aige ón Institiúid Chairte na Forbartha Pearsanta, mar aon le teastais sa tsláinte agus sábháilteacht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus sa stiúrthóireacht ionchuideachta ó Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn. 

Ceapacháin Sheachtracha:
IarChathaoirleach ar Choiste Aoisliúntais Sochair Shainithe ESB, coiste a bhfuil sé fós air mar chomhalta, agus an tOifigeach Oiliúna do Ghrúpa Náisiúnta na nOibrithe is Stiúrthóirí. Tá sé ina bhall d’Institiúid Chairte na Forbartha Pearsanta agus d’Institiúid na Stiúrthóirí. 

Paul Lynam

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird:
Deireadh Fómhair 2016 mar Chomhalta Boird Neamhspleách. 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha: 
03/10/2021  

Taithí Ghairme: 
Stiúrthóir Bainistíochta faoi láthair ar Jungheinrich Lift Truck (Ireland), fochuideachta de chuid Jungheinrich AG sa Ghearmáin. Tá taithí breis is 25 bliain aige sa ghnó in Éirinn agus ar fud an domhain. Roimhe seo bhí sé ina Stiúrthóir Oibríochtaí ar an nGnó Tionscail Idirnáisiúnta le Seirbhísí Branda Fuinnimh agus Bonneagair, ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chlinic Whitfield, ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Siemens Limited Ireland agus ina Phríomhoifigeach Airgeadais ar Siemens Limited Ireland (2008-2010). Chaith sé 14 bliana sa Ghearmáin i róil éagsúla bhainistíochta le Smurfit Group agus Kappa Packaging. Tá BSc aige san eolaíocht anailíseach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, dioplóma iarchéime sa staidéar gnó ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Máistreacht sa Riarachán Gnó ó Ollscoil na Cathrach, Seattle. 

Ceapacháin Sheachtracha: 
Stiúrthóir do Jungheinrich Lift Truck Limited faoi láthair, agus ina stiúrthóir tráth do Siemens Ireland agus do chuideachtaí a bhaineann le Clinic Whitfield. 

Tony Merriman

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird:
Eanáir 2007 faoin Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977. 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha: 31/12/2022  

Taithí Ghairme: 
Thosaigh sé le ESB mar theicneoir líonra in 1979. D’fhóin sé mar oifigeach le Grúpa Ceardchumann ESB. 

Ceapacháin Sheachtracha: 
Comhalta Boird de ESB Employee Share Ownership Plan (ESOP), Cathaoirleach ar Ghrúpa Náisiúnta na nOibrithe is Stiúrthóirí agus iontaobhaí de chuid ElectricAid. 

Noreen O'Kelly

Dáta a céadcheaptha chun an Bhoird:
Aibreán 2013 mar Chomhalta Boird Neamhspleách. 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha: 
23/04/2023  

Taithí Ghairme:
Cuntasóir cairte, a chuaigh faoi oiliúint le KPMG. Bhí roinnt poist shinsearacha aici in Independent News and Media Group, lena n-áirítear Ceann na Rannóige Cisteáin agus Rúnaí an Ghrúpa, agus bhí sí ina Rúnaí Cuideachta ar C&C Group freisin. Tá sí ag obair faoi láthair mar shainchomhairleoir rialachais chorparáidigh. 

Ceapacháin Sheachtracha:
Stiúrthóir, Leaschathaoirleach agus Cathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta Rehab agus ball seachtrach de Choiste Iniúchóireachta an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 

Alf Smiddy

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird: 
Deireadh Fómhair 2016 mar Chomhalta Boird Neamhspleách 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha: 
03/10/2021  

Taithí Ghairme:
 Cuntasóir cairte, a chuaigh faoi oiliúint le PwC. Cathaoirleach agus Stiúrthóir Bainistíochta Beamish & Crawford cpt ar feadh breis agus 12 bhliain agus ar Bhord a mháthairchuideachta, Scottish & Newcastle (UK) Ltd. Ball de Chomhairle Feidhmiúcháin Náisiúnta Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, Stiúrthóir Chomhlachas Tráchtála Chorcaí, Cathaoirleach ar Choiste Rialtais Áitiúil Chorcaí agus d’fhóin ar Bhord Údarás Aerfort Chorcaí. Comhalta de chuid Institiúid Margaíochta na hÉireann. Céim sa tráchtáil ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, máistreacht sa cheannaireacht feidhmiúcháin ó Boston College agus Ollscoil Uladh. 

Ceapacháin Sheachtracha: 
Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách agus an Stiúrthóir a bhfuil freagracht ainmnithe air as rannpháirtíocht an fhórsa saothair ag The Dalata Hotel Group Cpt, Cathaoirleach agus/nó Stiúrthóir ar chuideachtaí neamhspleácha éagsúla, lena n-áirítear Aperee Ltd agus Granite Digital, Stiúrthóir de chuid Rethink Ireland agus Oxfam Ireland

Sara Venning

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird:
Nollaig 2021

Taithí Ghairme: 

13/12/2026 

Ceapacháin Sheachtracha:
POF Uisce Thuaisceart Éireann agus comhalta boird de chuid Uisce Thuaisceart Éireann Tá MEng san Innealtóireacht Leictreach agus Leictreonach aici ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Chuaigh sí isteach i Líonraí Leictreachais Thuaisceart Éireann mar innealtóir iarchéime, áit a raibh roinnt poist éagsúla aici, Bainisteoir Oibríochtaí Custaiméirí ina measc, sular thosaigh sí ag obair le hUisce TÉ in 2010. Comhalta d'Institiúid na nInnealtóirí Sibhialta.

Ceapacháin Sheachtracha

Comhalta boird de chuid Institiúid an Uisce agus Uachtarán ar  Choiste WaterAid TÉ.