Skip to Content

An Urraíocht a dhéanaimid

 

Táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt don phobal, saolta daoine a fhorbairt, agus dul chun cinn sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a chumasú. Tá sé mar aidhm againn todhchaí níos fearr a chruthú agus a chur ar fáil do chách trínár n-urraíochtaí, lena n-áirítear an urraíocht a dhéanaimid ar STEM, ar na healaíona agus ar an aistriú fuinnimh.

 

Tacú le STEM

Creidimid go bhfuil ról lárnach le himirt againn chun tacú le daoine óga scileanna eolaíochta a fhorbairt trí chláir a spreagann fiosracht agus fionnachtain. Trí chláir STEM ar ardchaighdeán a chur ar fáil, tá sé mar aidhm againn na scileanna a theastaíonn don todhchaí a thabhairt do dhaoine óga. 

ESB Science Blast video
ESB Science Blast

Is clár oideachais saor in aisce, neamhiomaíoch é Science Blast ESB a eagraíonn an RDS do dhaltaí atá i ranganna 3 go dtí a 6 sa bhunscoil i bPoblacht na hÉireann, agus daltaí Key Stage 2 i dTuaisceart Éireann.

Spreagann Science Blast ESB fiosracht an pháiste don domhan mórthimpeall air trí fhiosrúchán a dhéanamh ar an gceist shimplí seo: “An mór a théann na mionrudaí a dhéanaimid i bhfeidhm ar an athrú aeráide?”.

Tá sé mar aidhm ag Science Blast ESB scileanna eolaíochta agus réitigh fadhbanna a chothú i nglúin iomlán páistí bunscoile, scileanna a bheidh acu ar feadh an tsaoil. Ní hamháin go bhfuil sé mar aidhm iad a ullmhú chun dul i ngleic le dúshláin an 21ú haois ach is bealach iontach Science Blast ESB todhchaí lán de dheiseanna a chur ar a súile dóibh.

Breathnaigh ar an bhFíseán
Ó Chamáin go Cuadrataigh video
Ó Chamáin go Cuadrataigh

Mar chuid dár n-urraíocht leanúnach ar an gCeoláras Náisiúnta, is ábhar mór bróid dúinn tacaíocht a thabhairt don chlár oideachais agus ceoil, ‘Quavers to Quadratics - Ó Chamáin go Cuadrataigh’.

Is clár nuálach é seo a dhéanann iniúchadh ar an nasc atá idir an gceol agus an eolaíocht trí shraith ceardlann phraiticiúil a chur ar fáil do pháistí atá i ranganna 3 go dtí a 6 sa bhunscoil.

Cuirtear an clár seo ar fáil ar líne ar an ardán Seesaw nó go pearsanta i gceardlanna scoile agus i gceardlanna a eagraítear sa Cheoláras Náisiúnta agus sa Ghaeltacht.

Breathnaigh ar an bhFíseán

Ag tacú leis na hEalaíona 

 

Thugamar aitheantas i gcónaí don ról ríthábhachtach a bhíonn ag na healaíona sa dul chun cinn sóisialta agus geilleagrach, i spreagadh an phobail, sa nuálaíocht agus sa chruthaitheacht. Is amhlaidh a bhí do na glúnta a chuaigh romhainn agus is amhlaidh a bheas do na glúnta atá le teacht.

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Tá sé mar aidhm ag an urraíocht a dhéanaimid ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann saibhreas na n-ealaíon in Éirinn a chothú agus a chaomhnú agus suim an phobail sna healaíona a spreagadh.

Tá leabharlann agus cartlann ealaíne an ghailearaí lonnaithe in Ionad ESB um Staidéar ar Ealaín na hÉireann, ceann de na bailiúcháin taighde is tábhachtaí agus is luachmhara dá bhfuil ann.

Úsáideann go leor taighdeoirí agus staraithe éagsúla an t-ionad seo chun tuiscint níos fearr a thabhairt dúinn ar stair na healaíne in Éirinn.

Ciste Ealaíon ‘ESB Brighter Future’ video
Ciste Ealaíon ‘ESB Brighter Future’

I gcomhpháirtíocht le ‘Business to Arts’, bhunaíomar Ciste Ealaíon €250,000 Brighter Future chun tacú le healaíontóirí, agus le heagraíochtaí ealaíon, tionscadail chruthaitheacha a chur i gcrích, a chuirfidh an fheasacht ar an athrú aeráide chun cinn agus a spreagfaidh gníomh dearfach.

Tá cúig thionscadal maoinithe ag an gCiste go dtí seo; ina measc, tionscadail amharclannaíochta, filíochta, dealbhóireachta, tionscadail sna hamharc-ealaíona agus tionscadail fuaimdhreacha. Bhain os cionn 100 ealaíontóir páirt sna tionscadail seo, i gcomhar le 100 pobal éagsúla.

Breathnaigh ar an bhFíseán

Ag tacú leis an Aistriú Fuinnimh  

 

Chun tacú leis an bhfís atá againn todhchaí saor ó charbón a bhaint amach in Éirinn, oibrímid i gcomhar le heagraíochtaí eile chun smaointeoireacht den chéad scoth a chur ar fáil i ndíospóireachtaí beartais ar mhaithe le cabhrú le daoine aonair agus le pobail an tairbhe is fearr a fháil ón aistriú fuinnimh.   

IIEA

Oibrímid i gcomhpháirtíocht leis an Institiúid um Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (IIEA) chun na Gealltanais um Ghlanastaíochtaí Nialasacha faoi 2040 a chur chun cinn. Eagraímid an tsraith léachtaí ‘Rethink Energy’ le chéile, ardán don smaointeoireacht agus don díospóireacht thrasearnála ar shaincheisteanna criticiúla sa réimse beartais fuinnimh.

Baineann gach léacht leas as tuairimí saineolaithe ó gach cearn den domhan chun cur leis an díospóireacht ar phríomhcheisteanna fuinnimh agus chun díospóireacht phoiblí ar aistriú na hÉireann chuig fuinneamh saor ó charbón sa todhchaí a chothú.

Breathnaigh ar an bhFíseán

Tuilleadh léitheoireachta