Skip to Content

Tacú le Pobail

Táimid ar fáil i ngach pobal in Éirinn agus creidimid go bhfuil ról ríthábhachtach againn maidir le tacú leis na pobail seo Todhchaí Níos Gile a chothú agus cabhrú leo a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Oideachas, Cuimsiú agus Fostaíocht

Táimid tiomanta do thacú le pobail trí chláir a fheabhsaíonn rochtain ar oideachas, cuimsiú agus fostaíocht. Aithnímid an buntáiste suntasach a d’fhéadfadh a bheith leis na cláir seo maidir le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht, tacú le geilleagar na hÉireann agus tacú leis na réiteoirí fadhbanna agus na nuálaithe a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is mó atá sa tsochaí.

Bleaist Eolaíochta ESB video
Bleaist Eolaíochta ESB

Spreagann Bleaist Eolaíochta ESB, arna sheachadadh ag an RDS, fiosracht nádúrtha leanaí trí chumhacht a thabhairt dóibh fiosrú a dhéanamh ar an eolaíocht atá taobh thiar de cheist shimplí a bhfuil suim acu iontu, ag baint úsáide as scileanna riachtanacha an 21ú hAois.
Is clár ETIM neamhiomaíoch, rang iomlán é atá saor in aisce do ranganna bunscoile ón 3ú go dtí an 6ú (Poblacht na hÉireann) agus Eochairchéim 2 (TÉ).

Féach ar an bhFíseán
Ag tacú leis na hEalaíona video
Ag tacú leis na hEalaíona

Tá ESB ag tacú leis na healaíona leis na blianta. Tá punann mhór urraíochta againn a thacaíonn leis na healaíona. I measc na hurraíochta a dhéanaimid sna healaíona, tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, an Ceoláras Náisiúnta, Amharclann na Mainistreach, agus na Gradaim Business to Arts. Trí gach ceann de na hurraíochtaí seo, tá sé mar aidhm againn na healaíona in Éirinn a shaibhriú agus a chaomhnú agus suim a spreagadh iontu.

Féach ar an bhFíseán

Inbhuanaitheacht agus Aistriú Fuinnimh

Chun tacú leis an bhfís atá againn todhchaí saor ó charbón a bhaint amach in Éirinn, oibrímid i gcomhar le heagraíochtaí eile chun smaointeoireacht den chéad scoth a chur ar fáil i ndíospóireachtaí beartais ar mhaithe le cabhrú le daoine aonair agus le pobail an tairbhe is fearr a fháil ón aistriú fuinnimh.

Sraith Léachtaí REthink Energy na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha/ESB video
Sraith Léachtaí REthink Energy na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha/ESB

Tá ESB i gcomhpháirtíocht leis an Institiúid um Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha chun Sraith Léachtaí Rethink Energy BSL a chruthú, ag baint leasa as ceannaireacht smaointe ó gach cearn den domhan chun cur le díospóireachtaí beartais ar phríomhcheisteanna fuinnimh agus saibhriú a dhéanamh ar dhíospóireacht phoiblí ar aistriú na hÉireann chuig todhchaí fhuinnimh atá saor ó charbóin.

Féach ar an bhFíseán
Cistí Pobail na bhFeirmeacha Gaoithe

I mBord Soláthair an Leictreachais, tuigimid nach féidir an t-aistriú chuig sochaí neodrach a thaobh fuinnimh de a bhaint amach ach amháin trí thabhairt faoi fhorbairt fhreagrach, rud a chuimsíonn fíor-rannpháirtíocht phobail.

Ba mhaith linn go mbainfeadh ár n-infheistíochtaí i bhfeirmeacha gaoithe amach leasa sóisialta, geilleagair agus comhshaoil don tsochaí ar bhonn fadtéarmach.

Tá cistí leasa pobail na bhfeirmeacha gaoithe ar fáil chun tacú le tionscadail atá ailínithe le riachtanais áitiúla agus deiseanna amhail trealamh a cheannach nó obair tógála nó obair athchóirithe a dhéanamh.

Bronntar thart ar €1 milliún gach bliain ar na pobail seo trínár n-eagraíochtaí deontas ainmnithe.

Tuilleadh Eolais

Folláine an Phobail

Tá traidisiún fada againn ag tacú le pobail agus le cláir a fheabhsaíonn creatlach eacnamaíoch agus sóisialta na hÉireann, ag cabhrú le solas agus fuinneamh a thabhairt do na daoine ar a bhfreastalaímid, ag ligean do dhaoine aonair agus do phobail an mianach atá iontu a bhaint amach i ngach gné den saol.

Le deich mbliana anuas, tá breis agus €10 milliún infheistithe againn i gcúiseanna fiúntacha trínár gclár tabhartais chorparáideach.

Ó Dhorchadas go Solas video
Ó Dhorchadas go Solas

Tá Electric Ireland ag tacú go bródúil leis an tsiúlóid ‘Ó Dhorchadas go Solas’ ó bhí 2013 ann. Oibrímid i ndlúthchomhar le Pieta chun dóchas a thabhairt do chustaiméirí, do bhaill foirne agus do phobail atá buailte ag an bhféinmharú.

Féach ar an bhFíseán
An Ciste um Fhuinneamh do na Glúnta video
An Ciste um Fhuinneamh do na Glúnta

Gach bliain, tríd an gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta, eisíoctar €1m trí chiste ráithiúil le carthanachtaí a oibríonn sna réimsí a bhaineann le Féinmharú a Chosc, le cabhrú le Daoine gan Dídean agus le Rochtain agus Tacaíocht a chothú i leith an Oideachis.

Féach ar an bhFíseán
Ag tacú le CLG video
Ag tacú le CLG

Tá bród ar Electric Ireland a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le Cumann Lúthchleas Gael (CLG), eagraíocht phobalbhunaithe atá faoi stiúir oibrithe deonacha. Is cuid de chreatlach shóisialta na hÉireann é CLG, agus tá sé ag croílár Electric Ireland agus CLG le fada an lá pobail a thabhairt le chéile trí mheán an spóirt.

Féach ar an bhFíseán