Skip to Content
Back to Press Releases 18 August 2022

ESB Announces eBike Pilot Project for Dublin Commuter Hubs

• Initiative will see 112 eBikes available at 14 stations across Dublin for public use 
• Ten-month pilot project is part of ESB’s commitment to electrification of transport targets 

17 August 2022
ESB today launched its eBike pilot project across several Dublin commuter suburbs in conjunction with two of Ireland’s leading micro-mobility providers, Bleeper and Moby, research partner Trinity College Dublin, innovation partner Dogpatch Labs and co-funding partner Interreg North-West Europe. 

The pilot programme, ESB eBikes, will run from today Wednesday 17 August for a ten-month period and includes 112 bikes with 14 charging stations in some of Dublin’s busiest commuter locations across South County Dublin, Dún Laoghaire-Rathdown, Finglas and Fingal.  

Bleeper and Moby will maintain and operate the eBikes with the charging infrastructure provided by ESB. Bleeper’s ESB eBikes scheme is available from today and is accessible via the Bleeper app. The Moby scheme, which will be operational over the coming weeks, will be accessible via the ESB eBikes app. 

The daily cost of hire has been subsidised by ESB, starting from just €5 per day in addition to a €30 monthly subscription, to ensure the initiative is accessible to all. 

Speaking at the launch of the ESB eBikes pilot project, Marguerite Sayers, Executive Director, Strategy, Innovation and Transformation at ESB, said: “A number of years ago, ESB established the X-Potential Incubator programme to develop innovative, sustainable and commercially viable business ideas.   We are very proud today to unveil one such idea - our eBike pilot - which is a new concept in Ireland and was conceived and developed by X-Potential.   Investing in low-carbon, sustainable mobility infrastructure for Ireland is a reflection of our commitment to leading the transition to a net zero energy future.  With this project, we are delighted to be part of the broader Interreg North-West Europe eHUBS programme and that Dublin will now join other member cities, such as Amsterdam and Manchester.”  

The eHUBS programme provides funding for on-street e-bikes, e-cargo bikes, e-scooters and e-cars with the aim of developing a blueprint for replication in other cities and regions to reduce air pollution, congestion and CO2 emissions while developing a market for commercial shared e-mobility providers aligned with local policy. With the launch of its eBike project, ESB is now a proud partner of the eHUBS programme and will co-operate with other consortium partners for the duration of the pilot to help further develop low-emission shared transport solutions throughout Ireland and Europe.  

As strategic research partner to the project, Trinity College Dublin will analyse commuter behaviour in relation to e-mobility transference from private cars to a shared low-carbon travel solution and will identify key mobility patterns, calculate carbon savings, and evaluate commercial potential based on data collected from ESB eBikes. 

For more information, visit www.esb.ie/ebikes

Images attached (hi-res available on request), Credit: ESB/Johnny Savage 

ENDS/ 

Notes to Editor : 

Locations: 
Site 1  Harbour Road, Dún Laoghaire, County Dublin  

Site 2  Three Rock Road, Sandyford, Dublin, D18  

Site 3  Harbour Road, Howth, Dublin, D13   

Site 4  Main Street, Swords, County Dublin    

Site 5  Mellowes Road, Finglas West, Dublin 11   

Site 6  Crowne Plaza Dublin Airport, Northwood Park, Santry, Dublin 9   

Site 7  Crowne Plaza Dublin – Blanchardstown Town Centre, Dublin 15   

Site 8  Maldron Hotel, Naas Road, Newlands Cross, Dublin, D22   

Site 9  Malahide Road, Malahide, Dublin  

Site 10  Old Bawn Road, Tallaght, Dublin, D24  

Site 11  Saint Loman’s Road, Yellow Walls, County Dublin  

Site 12  St. Peter’s Road, Walkinstown, Dublin, D12  

Site 13  Park West Business Campus, Cherry Orchard, Dublin, D12  

Site 14  Firhouse Road, Tallaght, County Dublin, D24  

• Interreg North-West Europe (www.nweurope.eu) fosters transnational cooperation to make North-western Europe a key economic player and an attractive place to work and live, with high levels of innovation, sustainability, and cohesion. 
• Bleeper and once fully operational, Moby, will maintain and operate the 112 eBikes and ESB will provide 14 E-Hub charging points, each with charging stations for eight eBikes throughout the suburbs of the city. 
• The eBike service is available on the Bleeper mobile application and will soon be accessible via the ESB eBikes app (run by Moby), depending on the location.

• ESB has partnered with Trinity College Dublin to ensure that lessons from the project are available to all future sustainable mobility projects. Based on data collected from ESB eBikes, TCD will publish academic papers detailing the scheme’s carbon savings along with its key learnings. 

 

18 LÚNASA 18

Treoirthionscadal Rothar Leictreach le haghaidh Moil Comaitéirí i mBaile Átha Cliath fógartha ag ESB

• Mar chuid den tionscnamh, cuirfear 112 rothar leictreach ar fáil i 14 stáisiúin ar fud Bhaile Átha Cliath d’úsáid phoiblí 

• Tá an treoirthionscadal deich mí mar pháirt de ghealltanas an ESB i leith spriocanna chun an córas iompair a leictriú 

 

17 Lúnasa 2022

Sheol ESB a threoirthionscadal rothar leictreach inniu i mbruachbhailte comaitéireachta éagsúla i mBaile Átha Cliath i gcomhar le Bleeper agus Moby, dhá cheann de na soláthraithe micrea-shoghluaisteachta is mó in Éirinn, le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar chomhpháirtí taighde, le Dogpatch Labs mar chomhpháirtí nuálaíochta agus le Interreg Iarthuaisceart na hEorpa mar chomhpháirtí cómhaoinithe. 

 

Beidh an clár píolótach, ESB eBikes, ar siúl ó inniu Dé Céadaoin an 17 Lúnasa go ceann deich mí. Tá 112 rothar agus 14 stáisiún luchtaithe i gceist leis i gcuid de na suíomhanna comaitéireachta is gnóthaí i mBaile Átha Cliath in áiteanna éagsúla i gContae Átha Cliath Theas, Dún Laoghaire - Ráth an Dúin, Fionnghlas agus Fine Gall.  

 

Is iad Bleeper agus Moby a dhéanfaidh na rothair leictreacha a chothabháil agus a fheidhmiú agus cuirfidh ESB an bonneagar don luchtú ar fáil. Tá scéim rothar leictreacha ESB Bleeper ar fáil ó inniu ar aghaidh. Tá teacht ar an scéim ar aip Bleeper. Beidh scéim Moby ag feidhmiú sna seachtainí atá romhainn. Beidh teacht ar an scéim sin ar an aip ESB eBikes. 

 

Tá ESB tar éis fóirdheontas a chur ar fáil don chostas cíosa lae, ó €5 aníos in aghaidh an lae, mar aon le síntiús míosúil €30, lena dheimhniú go mbeidh teacht ag cách ar an tionscnamh. 

 

Agus í ag labhairt mar chuid de sheoladh threoirthionscadal ESB eBikes, arsa Marguerite Sayers, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ESB um Straitéis, Nuálaíocht agus Bunathrú chun Feabhais: “Cúpla bliain ó shin chuir ESB an clár gorlainne X_Potential ar bun le smaointe gnó a fhorbairt a bheadh nuálach, inbhuanaithe agus inmharthana ar bhonn tráchtála.   Tá an-bhród orainn inniu smaoineamh mar sin a chur os bhur gcomhair - is é sin ár gclár píolótach eBike le haghaidh rothair leictreacha. Coincheap nua in Éirinn atá ann a ceapadh agus a forbraíodh mar chuid de X_Potential.   Tá an infheistíocht i mbonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe ísealcharbóin mar léiriú ar a thiomanta atáimid do bheith ceannródaíoch san aistriú chuig saol glan nialasach amach anseo.  I gcás an tionscadail seo, tá ríméad orainn a bheith mar chuid den chlár níos leithne eHUBS atá ag Interreg Iarthuaisceart na hEorpa agus go mbeidh Baile Átha Cliath ag dul isteach le cathracha i mBallstáit eile mar Amstardam agus Manchain.”  

 

Mar chuid den chlár eHUBS, cuirtear maoiniú ar fáil le haghaidh rothair leictreacha sráide, rothair leictreacha lastais, scútair leictreacha agus carranna leictreacha, agus é mar aidhm dó treoirphlean a fhorbairt lena athchruthú i gcathracha agus i réigiúin eile chun truailliú aeir, plódú agus astaíochtaí CO2 a laghdú agus, san am céanna, margadh a fhorbairt le haghaidh soláthraithe seirbhísí comhroinnte tráchtála leictrea-shoghluaisteachta atá ag teacht le beartas áitiúil. Agus tionscadal seo na rothar leictreach againn, tá ESB go bródúil le bheith mar chomhpháirtí sa chlár eHUBS. Beimid ag obair i gcomhar le comhpháirtithe eile sa chuibhreannas fad a mhairfidh an clár píolótach chun forbairt bhreise a dhéanamh ar fhuascailtí íseal-astaíochtaí comhroinnte iompair eile ar fud na hÉireann agus na hEorpa.   

 

Mar chomhpháirtí straitéiseach taighde sa tionscadal, déanfaidh Coláiste na Tríonóide, BÁC, anailís ar iompraíocht comaitéirí i dtaca le haistriú ríomhshoghluaisteachta ó charranna príobháideacha go fuascailt chomhroinnte ísealcharbóin chomh maith le patrúin soghluaisteachta a shainaithint, coigilteas carbóin a ríomh agus an fhéidearthacht tráchtála a mheas bunaithe ar na sonraí a bhaileofar ó ESB eBikes. 

 

Le tuilleadh eolais a fháil, féach www.esb.ie/ebikes

 

Tá íomhánna ceangailte leis seo (íomhánna ardtaifigh ach iad a iarraidh). Grianghrafadóir: ESB/Johnny Savage 

 

CRÍOCH/ 

 

Nótaí don eagarthóir: 

 

Áiteanna: 

Láithreán 1: Bóthar an Chuain, Dún Laoghaire, Contae Bhaile Átha Cliath  

 

Láithreán 2: Bóthar Bhinn Trí Charraig, Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath, BÁC 18  

 

Láithreán 3: Bóthar an Chuain, Binn Éadair, Baile Átha Cliath, BÁC 13   

 

Láithreán 4: An tSráid Mhór, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath    

 

Láithreán 5: Bóthar Uí Mhaoilíosa, Fionnghlas Thiar, Baile Átha Cliath 11   

 

Láithreán 6: Crowne Plaza Aerfort BÁC, Páirc na Coille Thuaidh, Seantrabh, BÁC 9   

 

Láithreán 7: Crowne Plaza Bhaile Átha Cliath – Lár an bhaile, Baile Bhlainséir, BÁC 15   

 

Láithreán 8: Óstán Maldron, Bóthar an Náis, Crois an Fhearainn Nua, BÁC 22   

 

Láithreán 9: Bóthar Mhullach Íde, Mullach Íde, Co. Bhaile Átha Cliath  

 

Láithreán 10: Bóthar an tSeanbhábhúin, Tamhlacht, BÁC 24  

 

Láithreán 11: Bóthar Lomáin, Na Ballaí Buí, Co. Bhaile Átha Cliath  

 

Láithreán 12: Bóthar Pheadair, Baile Bhailcín, BÁC 12  

 

Láithreán 13: Campas Gnó na Páirce Thiar, Gort na Silíní, BÁC 12  

 

Láithreán 14: Bóthar Theach na Giúise, Tamhlacht, BÁC 24  

 

• Déanann Interreg Iarthuaisceart na hEorpa (www.nweurope.eu) comhoibriú trasnáisiúnta a chothú le go mbeidh ról geilleagrach ag Iarthuaisceart na hEorpa agus le go mbeidh sé mealltach mar áit oibre agus chónaithe agus cuid mhór nuálaíochta, inbhuanaitheachta agus comhtháthaithe sa réigiún. 

• Agus iad lánfheidhmeach, déanfaidh Bleeper agus Moby na 112 rothar leictreach a chothabháil agus a fheidhmiú. Cuirfidh ESB 14 cinn de mhoil leictreacha mar phointí luchtaithe ar fáil agus stáisiún luchtaithe ag gach ceann acu le haghaidh ocht rothar leictreacha i mbruachbhailte na cathrach. 

• Tá seirbhís na rothar leictreach ar fáil ar an aip Bleeper ar fhóin phóca agus beidh teacht uirthi roimh i bhfad ar an aip ESB eBikes (arna cur ar fáil ag Moby) ag brath ar an áit.

• Tá obair déanta ag an ESB i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, lena dheimhniú go mbeidh na nithe a fuarthas amach ón tionscadal ar fáil nuair a dhéanfar aon tionscadail amach anseo a bhainfidh leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe. Tá Coláiste na Tríonóide, BÁC, chun sonraí arna mbailiú ó ESB eBikes a úsáid le páipéir acadúla a fhoilsiú ina dtabharfar eolas faoin laghdú ar úsáid carbóin mar gheall ar an scéim chomh maith leis na príomhnithe a fhoghlaimeofar.