Skip to Content
Back to Press Releases 09 December 2025

ESB Networks crews working to restore electricity supply with 54,000 customers currently impacted by Storm Bram

 

 

  • As of 4pm approximately54,000 homes, farms and businesses are without power,predominantly incounties Wexford, Cork, Tipperary, Kildare, Dublin, Meath and Westmeath
  • With Met Éireann Status Orange and Yellow warningsremainingin place, and the dynamic nature of thisevent, further power outages can be expected
  • As assessments across the network are completed information on power outages and restoration times will be updated on www.PowerCheck.ie
  • Stay Safe, Stay Clear of fallen electricity wires. Report any damage to the network and fallen wires by calling 1800 372 999  

Issued: 4pm on Tuesday 9 December 2025   

Weather conditions associated with Met Éireann's Status Orange and Yellow warnings have led to outages throughout today, Tuesday 9th December, as Storm Bram causes substantial damage to the electricity network.   

As of 4pm approximately 54,000 homes, farms and businesses are without power, predominantly in counties Wexford, Cork, Tipperary, Kildare, Dublin, Meath and Westmeath. 

With Met Éireann weather warnings still in place, and the dynamic nature of the event, further power outages can be expected throughout the day.    

ESB Networks crews and partner contractors have been deployed to assess the damage, make the network safe and restore electricity supply in challenging conditions.    

We acknowledge the disruption to family and commercial life this causes and thank impacted customers for their patience as our crews work to safely restore power.    

We will update estimated restoration times as soon as we have assessed the network damage, and these will be available to view on www.PowerCheck.ie.

We advise customers to sign up for our “Keep me Updated” service for power outages on www.PowerCheck.ie to receive theses status updates directly.     

An Important Public Safety Message: If you come across fallen wires or damaged electricity network, never, ever touch or approach these as they are LIVE and extremely dangerous. Please report any damage to electricity infrastructure by calling 1800 372 999.     

ENDS/

Foirne ESB Networks ag obair le soláthar an leictreachais a thabhairt ar ais agus seirbhís 54,000 custaiméir buailte ag Stoirm Bram faoi láthair

  • Mar a sheasann cúrsaí ar 4pm, tá timpeall 54,000 áitreabh idir thithe, fheirmeacha agus ghnólachtaí gan aon chumhacht acu i gcontaetha éagsúla,  go háirithe Loch Garman, Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Dara, Baile Átha Cliath, an Mhí agus an Iarmhí
  • Tá foláirimh aimsire fós i bhfeidhm ag Met Éireann ar stádas Oráiste agus Buí agus tá cúrsaí ag athrú an t-am ar fad, mar sin meastar go mbeidh tuilleadh bristeacha seirbhíse ann 
    • De réir mar a chuirfear measúnuithe i gcrích ar fud an líonra, cuirfear eolas nua ar www.PowerCheck.ie faoi bhristeacha cumhachta agus amanna a mbeidh an tseirbhís ar ais
    • Bí sábháilte agus fan glan ar shreanga leictreachais tite. Glaoigh ar 1800 372 999 le muid a chur ar an eolas faoi aon díobháil a rinneadh don líonra nó aon sreanga atá tite

    Eisithe: 4pm, Dé Máirt, an 9 Nollaig 2025 

    Tá bristeacha seirbhíse ann an lá ar fad inniu Dé Máirt an 9 Nollaig mar gheall ar an aimsir tráth a bhfuil foláirimh aimsire ar stádas Oráiste agus Buí i bhfeidhm ag Met Éireann. Tá damáiste mór á dhéanamh don líonra leictreachais ag Stoirm Bram.    

    Mar a sheasann cúrsaí ar 4pm, tá timpeall 54,000 áitreabh idir thithe, fheirmeacha agus ghnólachtaí gan aon chumhacht acu i gcontaetha éagsúla, go háirithe Loch Garman, Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Dara, Baile Átha Cliath, an Mhí agus an Iarmhí. 

    Tá foláirimh aimsire fós i bhfeidhm ag Met Éireann ar stádas Oráiste agus Buí agus tá cúrsaí ag athrú an t-am ar fad, mar sin meastar go mbeidh tuilleadh bristeacha seirbhíse ann i gcaitheamh an lae.   

    Tá foirne ESB Networks agus conraitheoirí ar comhpháirtithe iad curtha amach ag obair i ndálaí dúshlánacha leis an díobháil a mheas, leis an líonra a dhéanamh sábháilte agus leis an leictreachas a sholáthar arís.   

    Tuigimid chomh mór a chuireann a leithéid isteach ar an saol teaghlaigh agus tráchtála agus gabhaimid buíochas lenár gcuid custaiméirí as bheith foighneach linn agus na foirne ag obair chun an chumhacht a thabhairt ar ais go slán sábháilte.   

    Déanfaimid na hamanna a mbeidh an tseirbhís ar ais a leasú de réir a chéile de réir mar a dhéanfar an díobháil don líonra a mheas. Beidh na hamanna sin ar www.PowerCheck.ie.

    Molaimid do chustaiméirí clárú lenár seirbhís “Coimeád ar an Eolas Mé” do bhristeacha cumhachta ar www.PowerCheck.ie le tuairiscí ar an stádas a fháil go díreach.    

    Fógra tábhachtach sábháilteachta don phobal: má thagann tú ar shreanga tite nó ar chuid den líonra leictreachais a ndearnadh damáiste dó, ná téigh gar dóibh agus ná leag lámh orthu in aon chás mar tá siad BEO agus millteanach contúirteach. Glaoigh ar 1800 372 999 chun tuairisc a sheoladh faoi aon damáiste do bhonneagar leictreachais. 

    CRÍOCH/