Skip to Content
Back to Press Releases 10 October 2022

Experts gather for ESB and IIEA conference on delivering a Net Zero future

Monday, 10 October 2022

A distinguished line-up of international policymakers, artists, global thought leaders, industry representatives and academics from Ireland and around the world gather today at The Mansion House, Dublin to showcase their vision for a resilient, inclusive and sustainable net zero future.

The full-day international conference, ACCELERATE: The Transition to a Net Zero Future, hosted by ESB and the Institute of International and European Affairs (IIEA), will explore the role of the electricity sector in the clean energy transformation for all across society. International experts will set out ideas for stronger community engagement with innovative technologies to accelerate cross-sectoral transformations of our society that will lead to a clean energy future where no one is left behind.

Speaking at the conference, Paddy Hayes, Chief Executive of ESB, said: “The electricity sector is anchored at the heart of the clean energy transformation. This is why, at ESB, we are driven to make a difference by supporting the customers and communities we serve to achieve net zero. This conference, in partnership with the IIEA, will allow us to hear from some of the world’s leading energy experts that share the same drive and ambition as ESB. We are delighted today to set out ESB’s vision for a net zero future and to bring together these experts to share their insights and learnings about how we can help deliver this.”

IIEA Director-General, David O’Sullivan, said: “We are delighted today to be jointly hosting this topical conference with ESB, a partner we value greatly and with whom we have worked collaboratively over a number of years to highlight some of the most pressing issues in climate and energy policy in Ireland. This conference is important, not only because it seeks to provide solutions to enable the whole-of-society to accelerate to a net zero future, but also because of the additional challenges presented by the ongoing energy crisis and continental shortages in electricity supply. We hope that by bringing together leading experts in energy and sustainability policy from across the globe, we can put the energy citizen at the heart of the conversation and emerge with innovative solutions to the issues at hand.”

The conference audience will hear from a range of international and Irish experts including: Ossian Smyth TD, Minister of State with responsibility for Public Procurement and eGovernment at the Department of Public Expenditure and Reform, on Irish climate leadership; Laura Cozzi, Chief Energy Modeller, International Energy Agency, on the Ukrainian crisis and transition to Net Zero; Sir Dieter Helm, Professor of Economic Policy at the University of Oxford, on Understanding the Current Energy Landscape; Tracey Crowe, Chief of Staff and Senior Director at SE4ALL, on SDG7 and the Energy Transition; Hari Vamadevan, Vice President of DNV and Director, UK & Ireland, Energy Systems at DNV, Accelerating The Energy Value Chain; Dr Varun Sivaram, Senior Director for Clean Energy, Innovation, and Competitiveness for Secretary John Kerry, the US Special Presidential Envoy for Climate, on Energising America; Clare Jackson, Chief Executive Officer, Hydrogen UK, on the UK’s vision for Hydrogen; and Brent Toderian, Founder and Director of TODERIAN UrbanWORKS, on community empowerment.

The conference is being chaired by Dearbhail McDonald, journalist, author, and broadcaster.

The full programme of the conference and list of speakers is available here.

ENDS/

Notes to editor:

About The Institute of International and European Affairs

The IIEA is Ireland’s leading European and International Affairs think tank. We are an independent, not-for-profit organisation with charitable status.

Our role is to identify key European and international policy trends, which will inform the work of Ireland’s decision makers and business leaders and enrich the public debate on Ireland’s role in the EU and on the global stage.

10 DEIREADH FÓMHAIR 2022

Saineolaithe bailithe le chéile le freastal ar chomhdháil ESB agus na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha maidir le neodracht carbóin a bhaint amach san am atá le teacht.

Dé Luain an 10 Deireadh Fómhair, 2022

Tá foireann chéimiúil bailithe le chéile i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath inniu leis an aisling atá acu go mbeidh saol againn amach anseo a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de a chur os comhair an phobail, saol a bheidh seasmhach, cuimsitheach agus inbhuanaithe. Ina measc tá lucht déanta beartais idirnáisiúnta, ealaíontóirí, ceannródaithe domhanda, ionadaithe ón tionscal agus scoláirí ó Éirinn agus ó gach cearn den domhan.

Tá an chomhdháil idirnáisiúnta lae, ACCELERATE: The Transition to a Net Zero Future, á reáchtáil ag ESB agus an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha. Lena linn, déanfar plé ar ról earnáil an leictreachais san athrú ó bhonn i dtreo an fhuinnimh ghlain do chách ar gach leibhéal den tsochaí. Déanfaidh saineolaithe idirnáisiúnta smaointe a leagan amach le go mbeidh níos mó rannpháirtíochta sa phobal leis an teicneolaíocht nuálach chun borradh a chur faoin athrú trasearnála ó bhonn sa tsochaí trína mbainfear saol fuinnimh ghlain amach do chách.

Seo mar a labhair Príomhfheidhmeannach ESB, Paddy Hayes, le linn na comhdhála: “Tá earnáil an leictreachais fréamhaithe i gcroílár an athraithe ó bhonn i dtreo an fhuinnimh ghlain. Is mar sin atáimidne, in ESB, tiomanta ó thaobh difear a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do na custaiméirí agus pobail a ndéanaimid freastal orthu le neodracht carbóin a bhaint amach. Mar chuid den chomhdháil seo, atá á reáchtáil againn i gcomhar leis an IIEA, beidh deis againn éisteacht le ceannródaithe i measc shaineolaithe fuinnimh an domhain, saineolaithe a bhfuil an díograis agus an uaillmhian chéanna acu agus atá againne in ESB. Tá lúcháir orainn an aisling atá againn in ESB go mbainfear amach neodracht carbóin amach anseo a chur os comhair an phobail inniu agus na saineolaithe seo a thabhairt le chéile le go mbeidh siad in ann a smaointe agus torthaí a gcuid taighde a chur i láthair faoin dóigh leis sin a bhaint amach.”

Arsa David O’Sullivan, Ard-Stiúrthóir na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha: “Táimid an-sona an chomhdháil thráthúil seo a reáchtáil i gcomhar leis an ESB, comhpháirtí dár gcuid a bhfuil an-mheas againn air agus a bhfuil obair déanta againn i gcomhar leis le himeacht na mblianta chun béim a leagan ar chuid de na saincheisteanna is práinní dá bhfuil ann a bhaineann leis an mbeartas aeráide agus fuinnimh in Éirinn. Tá tábhacht ag baint leis an gcomhdháil seo, ní hamháin ós rud é go bhfuiltear ag iarraidh fuascailtí a chur ar fáil le go mbeidh an tsochaí ina hiomláine in ann neodracht carbóin a bhaint amach ar bhonn níos tapa, ach, lena chois, ós rud é go bhfuil dúshláin eile romhainn mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair anuas ar an easpa soláthar leictreachais ar an Mór-roinn. Tá súil againn, mar thoradh ar shaineolaithe ceannródaíocha ar bheartas fuinnimh agus inbhuanaitheachta ó gach cearn den domhan a thabhairt le chéile, go mbeimid in ann an saoránach fuinnimh a lonnú i gcroílár an chomhrá agus go dtiocfaimid amach ar an taobh eile le freagraí nuálacha ar na ceisteanna atá idir chamáin.”

Beidh saineolaithe éagsúla de chuid na hÉireann agus idirnáisiúnta ag labhairt le linn na comhdhála, na daoine seo ina masc: Ossian Smyth TD, Aire Stáit atá freagrach as Soláthar Poiblí agus ríomh-Rialtas sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ar cheannaireacht aeráide in Éirinn; Laura Cozzi, Príomh-Shamhaltóir Fuinnimh, an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, ar ghéarchéim na hÚcráine agus ar an aistriú i dtreo Neodracht Carbóin; Sir Dieter Helm, Ollamh le Beartas Eacnamaíoch ar Ollscoil Oxford, ar an Tírdhreach Reatha Fuinnimh a Thuiscint; Tracey Crowe, Ceann Foirne agus Stiúrthóir Sinsearach in SE4ALL, ar SDG7 agus an tAistriú Fuinnimh; Hari Vamadevan, Leas-Uachtarán DNV agus Stiúrthóir ar Chórais Fuinnimh in DNV sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn, ar Luas a chur le Slabhra Luacha an Fhuinnimh; an Dr Varun Sivaram, Stiúrthóir Sinsearach ar Fhuinneamh Glan, Nuálaíocht agus Iomaíocht le haghaidh an Rúnaí John Kerry, Toscaire Speisialta Uachtaráin na Stát Aontaithe don Aeráid, ar Mheiriceá a Fhuinnmhiú; Clare Jackson, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Hydrogen UK, maidir leis an bhfís sa Ríocht Aontaithe i dtaca le Hidrigin; agus Brent Toderian, Bunaitheoir agus Stiúrthóir TODERIAN UrbanWORKS, maidir leis an gcumasú pobail.

Is í Dearbhail McDonald, iriseoir, údar agus craoltóir, a bheidh mar chathaoirleach ar an gcomhdháil.

Tá clár iomlán na comhdhála agus liosta na gcainteoirí ar fáil anseo.

CRÍOCH/

Nótaí don eagarthóir:

Eolas faoin Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha

Tá an Institiúid ar an bpríomh-mheitheal mhachnaimh in Éirinn a bhíonn ag plé le gnóthaí Eorpacha agus idirnáisiúnta. Eagraíocht neamhspleách neamhbhrabúis atá ionann agus tá stádas carthanachta againn.

Is é is ról dúinn treochtaí tábhachtacha beartais Eorpacha agus idirnáisiúnta a aithint lena gcuirfear eolas ar fáil don obair a dhéanann lucht déanta cinntí agus ceannasaithe gnó na hÉireann agus lena gcuirfear leis an bplé poiblí maidir le ról na hÉireann san Aontas Eorpach agus ar an leibhéal domhanda.